Tugann an tábla thíos léiriú ar an gcaiteachas tógála de €50m a rinne Údarás na Gaeltachta idir na blianta 2019 agus 2023. Tá punann fairsing maoine ag an Údarás ina bhfuil breis agus 500 aonad tionsclaíocha agus gnó scaipthe thar na seacht gcontae Gaeltachta. Thug Údarás na Gaeltachta le fios gur tógadh formhór na bhfoirgnimh sin sna 70idí agus sna 80idí. Baineann an caiteachas a rinneadh le meascán de thograí caipitil idir foirgnimh nua mar aon le hathchóiriú agus athearraíocht ar shean fhoirgnimh. Tháinig méadú suntasach ar an gcaiteachas tógála idir na blianta 2019 agus 2023 atá maoinithe go príomha ó Vóta mo Roinne. Tá maoiniú breise aimsithe ag Údarás na Gaeltachta ó fhoinsí eile ar nós an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe le roinnt blianta anuas.
Tá sé de chúram ar an Údarás a chinntiú go n-úsáidtear na foinsí maoinithe atá ar fáil dó ar thograí fiúntacha ag cinntiú go bhfaightear luach ar airgead agus go gcloítear leis an gCód Caiteachais Poiblí. Braitheann an caiteachas a dhéantar ag aon phointe ama ar shaolré na dtograí atáthar a fhorbairt agus áirítear leis sin an gá le cothromaíocht réigiúnach a bhaint amach. Le linn na tréimhse cúig bliana atá luaite, rinneadh 46% den chaiteachas i nGaeltacht na Gaillimhe, le 22% déanta i nGaeltacht Dhún na nGall agus 12% i nGaeltacht Mhaigh Eo. Tá sé le feiceáil go bhfuil, den chuid is mó, comhchoibhneas idir an pátrún caiteachais de réir contae Gaeltachta agus an daonra Gaeltachta atá lonnaithe sna ceantair sin.
-
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
Iomlán
|
% den iomlán
|
% den Daonra
|
|
€’000
|
€’000
|
€’000
|
€’000
|
€’000
|
€’000
|
|
|
Dún na Gall
|
4,311
|
2,174
|
1,181
|
1,107
|
2,450
|
11,223
|
22%
|
23%
|
Maigh Eo
|
632
|
798
|
623
|
1,680
|
2,420
|
6,153
|
12%
|
10%
|
Gaillimh
|
1,712
|
2,721
|
5,022
|
6,621
|
6,773
|
22,849
|
45%
|
51%
|
An Mhí
|
1,135
|
1,702
|
290
|
75
|
646
|
3,848
|
8%
|
2%
|
Ciarraí
|
30
|
1,076
|
114
|
599
|
2,016
|
3,835
|
8%
|
8%
|
Corcaigh
|
60
|
516
|
882
|
341
|
301
|
2,100
|
4%
|
4%
|
Port Láirge
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0%
|
2%
|
Iomlán
|
7,880
|
8,987
|
8,112
|
10,423
|
14,606
|
50,008
|
|
|