Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 April 2024

Tuesday, 9 April 2024

Questions (560)

Aindrias Moynihan

Question:

560. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén maoiniú caipitiúil atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do thogra Pháirc na Mara, le 5 bliana anuas, i bhfoirm thábla, cé mhéad den mhaoiniú a caitheadh sna blianta éagsúla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14061/24]

View answer

Written answers

Tá Páirc na Mara aitheanta mar cheann de thograí straitéiseacha Údarás na Gaeltachta ina bhfuil sé beartaithe ionad náisiúnta taighde, nuálaíocht agus forbartha a lonnú i gCill Chiaráin, Conamara a bheidh dírithe ar dheiseanna in earnáil na mara a thapú. Deir Údarás na Gaeltachta gur togra uaillmhianach é seo a thagann leis an bhfís atá ag Údarás na Gaeltachta postanna a chruthú atá ceangailte go dlúth leis an gceantar ina bhfuil siad lonnaithe – bíodh siad ina dtograí teanga-lárnaithe, nó ina dtograí bunaithe ar acmhainní nádúrtha. Tá maoiniú iomlán de €2 milliún ceadaithe ag Fiontraíocht Éireann don togra seo.

Mar atá léirithe sa tábla thíos, is caiteachas de €1.024m atá déanta ar an togra idir na blianta 2019 agus 2023. De réir Údarás na Gaeltachta, bhain formhór an chaiteachais sin le hobair dheartha, innealtóireachta agus comhairleoireachta ar mhaithe le hiarracht a dhéanamh an togra a chur tríd an bpróiseas pleanála.

As an maoiniú iomlán de €2 milliún atá ceadaithe don togra, cheadaigh Fiontraíocht Éireann deontas caipitil de €1.6 milliún d’Údarás na Gaeltachta le forbairt a dhéanamh ar Ionad Nuálaíochta agus Forbartha Mara (MIDC) ar thalamh atá i seilbh an Údaráis i gCill Chiaráin. Is faoin gCiste Forbartha Fiontraíocht Réigiúnaigh (CFFR) a ceadaíodh an maoiniú d’fhorbairt an ionaid seo atá mar chuid lárnach de mhór thogra straitéiseach, Páirc na Mara.

Cuireadh iarratas pleanála faoi bhráid Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí Bealtaine 2020, ach dhiúltaigh an t-údarás áitiúil don iarratas sin. Ina dhiaidh sin, chinn an Bord Pleanála diúltú den achomharc a rinne an tÚdarás i dtaca leis an gcead pleanála i mí Márta 2023.

Tá sé ráite ag an Údarás, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna éagsúla, go bhfuil sé beartaithe ag an eagraíocht tabhairt faoi iarratas nua a ullmhú ar mhaithe leis an togra tábhachtach seo a thabhairt chun cinn. Tá obair ar siúl chun an t-iarratas sin a ullmhú i láthair na huaire.

Caiteachas Caipitil

2019

2020

2021

2022

2023

Iomlán

Páirc na Mara

€355,152

€357,579

€122,501

€10,404

€178,848

€1,024,484

Top
Share