Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 April 2024

Thursday, 25 April 2024

Questions (213)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

213. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil sé ar an eolas maidir le comharthaíocht a cuireadh in airde chun bothanna vótála a fhógairt le linn an reifrinn ar 8 Márta i mbliana, comharthaíocht a bhí i mBéarla amháin nó a raibh an Béarla i bhfad níos mó agus níos feiceálaí ná an Ghaeilge uirthi; an bhfuil sé chun a chinntiú go mbeidh aon chomharthaíocht oifigiúil maidir le toghcháin nó reifrinn amach anseo chomh mór agus chomh feiceálach i nGaeilge ar a laghad agus atá i mBéarla de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18601/24]

View answer

Written answers

Is é creat beartais agus reachtaíochta iomchuí a sholáthar do chóras toghcháin nua-aimseartha agus éifeachtach an phríomhfheidhm atá ag mo Roinn i gcúrsaí toghcháin. Laistigh den chreat sin, tá na Cinn Chomhairimh Áitiúla neamhspleácha freagrach as gach gné a bhaineann le reáchtáil iarbhír na dtoghchán agus na reifreann.

Moltar sa Treoir do Chinn Chomhairimh, a eisíonn mo Roinn roimh imeachtaí toghcháin, gur chóir comhartha a thaispeánann "Stáisiún Vótaíochta" a chur suas lasmuigh de gach foirgneamh a úsáidtear chun críocha vótaíochta agus gur chóir dá litreoireacht a bheith mór a dhóithin chun go bhfeicfear go soiléir ó chian é. Moltar sa Treoir gur chóir go mbeadh na comharthaí dátheangach de ghnáth agus gur chóir dóibh a bheith i nGaeilge amháin i gceantair Ghaeltachta.

Top
Share