Aengus Ó Snodaigh
Ceist:213. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil sé ar an eolas maidir le comharthaíocht a cuireadh in airde chun bothanna vótála a fhógairt le linn an reifrinn ar 8 Márta i mbliana, comharthaíocht a bhí i mBéarla amháin nó a raibh an Béarla i bhfad níos mó agus níos feiceálaí ná an Ghaeilge uirthi; an bhfuil sé chun a chinntiú go mbeidh aon chomharthaíocht oifigiúil maidir le toghcháin nó reifrinn amach anseo chomh mór agus chomh feiceálach i nGaeilge ar a laghad agus atá i mBéarla de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18601/24]
Amharc ar fhreagra