11 May 2021, 14:45
Amárach, tiocfaidh Drew Harris, Uasal, Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun an tuarascáil: ‘Oifig an Choimisinéara Teanga: Tuarascáil faoi fho-alt 26(5) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 do Thithe an Oireachtais maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe a rinneadh faoi fho-alt 21(f) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003’ a phlé.
Reáchtálfar an cruinniú den Chomhchoiste ar 2.00 iarnóin i Seomra na Dála, Teach Laighean ar an gCéadaoin, 9 Nollaig 2020.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: Tá an Comhchoiste buíoch do Choimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris as an gcuireadh a ghlacadh chun teacht ós chomhair ár gCoiste le cuidiú linn in ár bplé ar thuarascáil chuimsitheach an Choimisinéara Teanga a leagadh ós comhair na Dála coicís ó shin faoin easpa gnímh i leith a mholtaí chun seirbhís i nGaeilge ón nGarda Síochána a bheith ar fáil. Baineann an tuarascáil sin le himscrúdú a rinne a Oifig ar an nGarda Síochána agus a tugadh chun críche i mí na Nollag 2011.
Dar leis an Coimisinéir Teanga tá sé ‘tagtha ar an tuairim nach bhfuil na moltaí a rinneadh san imscrúdú sin curtha i ngníomh go sásúil ag an nGarda Síochána’ agus mar sin is mian leis an gComhchoiste na fáthanna nár cuireadh i gníomh iad fós a iarraidh ar Choimisinéir an Gharda Síochána, agus a fháil amach cathain a chuirfear i bhfeidhm iad. Ó bunaíodh an Stát, tá drochthionchar seirbhíseach poiblí, nach bhfuil meas acu ar ár dTeanga Náisiúnta nó nach féidir leo an tseirbhís phoiblí a sholáthar trí mheán na Gaeilge, ar inmharthanacht na Gaeilge sa Ghaeltacht féin, aitheanta. Tá sé thar am go n-aithníonn an Státchóras go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach, seirbhís trí mheán a rogha teanga oifigiúla féin a fháil, is cuma cén áit in Éirinn a lorgaíonn sé nó sí í.
Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo