25 May 2021, 12:09
Déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge plé amárach ar an gcaighdeán Gaeilge atá ag múinteoirí nua-cháilithe agus iad ag dul i mbun an Ghaeilge a mhúineadh, nó i mbun ábhair scoile eile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.
Beidh an riachtanas maidir le deontais a bheith ar fáil ag baint le gach uile ábhar oide ionas gur féidir leo tréimhsí foghlama a chaitheamh sa Ghaeltacht mar chuid dá n-oiliúint, agus gur féidir leo ábhair éagsúla a mhúineadh do dhaltaí scoile i gceachtar de dhá theanga oifigiúla an Stáit, idir bhunscoileanna agus meánscoileanna araon.
Beidh ionadaithe ón gComhairle Mhúinteoireachta agus ó Ghael-Taca ag freastal ar an gcruinniú agus ag glacadh páirt sa díospóireacht ar na hábhair sin.
Reáchtálfar an cruinniú den Chomhchoiste ar 2.00 iarnóin i Seomra na Dála, Teach Laighean, Dé Céadaoin an 26 Bealtaine 2021.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: "Is cúis imní dom caighdeán íseal na Gaeilge i measc mhúinteoirí ár scoileanna. Cé go bhfuil sárobair á déanamh ag múinteoirí, agus ardchaighdeán Gaeilge ag roinnt áirithe acu, ní féidir linn ach a admháil go bhfuil an caighdeán an-íseal go ginearálta. Níl sé ceart an locht a chur ar na múinteoirí féin nuair nach bhfuilimid sásta an oiliúint a bhfuil gá léi a chur ar fáil dóibh agus gach cúnamh a thabhairt dóibh an caighdeán Gaeilge a fheabhsú sna scoileanna.
"Nílimid ag tabhairt cothrom na féinne do dhaltaí ár scoileanna ach an oiread, agus muid ag iarraidh orthu an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid taobh istigh agus taobh amuigh de na scoileanna. Níl sé ceart na spriocanna sin a leagadh síos mura bhfuilimid sásta an infheistíocht iomlán a dhéanamh atá riachtanach chun na spriocanna sin a bhaint amach."
Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo.