Skip to main content
Normal View

Seoladh Tuarascála: Coiste nua um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha

23 Jan 2012, 11:13

Tugtar cuireadh duit, nó d’ionadaí uait, freastal ar sheoladh tuarascála maidir leis an gComhchoiste nua um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha atá beartaithe. Beidh an seoladh ar siúl Dé Céadaoin, 25 Eanáir ar 11.30 a.m. sa Seomra Closamhairc i dTeach Laighean.

Moltar sa tuarascáil, a d’ullmhaigh an Coiste reatha um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha maidir lena ról amach anseo, go mbeidh ag an gCoiste cumhachtaí den tsamhail chéanna is atá ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí maidir le formhaoirsiú a dhéanamh ar sheachadadh na seirbhíse poiblí i gcoitinne, agus fócas ar leith ar fheabhsuithe ar sheachadadh na seirbhísí sin ar shaoránaigh a imscrúdú agus a shainaithint.

Mar chuid de ról an Choiste, rachaidh sé i dteagmháil leis an Ombudsman go rialta agus gheobhaidh sé agus próiseálfaidh sé freisin aon achainíocha poiblí a chuirfear faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

An Ócáid: Seoladh Tuarascála maidir le hOrduithe Tagartha Athbhreithnithe don Chomhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha
An Áit: An Seomra Closamhairc, Teach Laighean
An Dáta: Dé Céadaoin, 25 Eanáir 2012
An tAm: 11.30 a.m.

Beidh an Cathaoirleach, Peadar Tóibín, TD mar aon le Comhaltaí eile den Choiste i láthair agus beidh fáil orthu chun ceisteanna a fhreagairt.
Deir an Teachta Tóibín: “Tá cur síos sa tuarascáil ar an obair atá déanta ag an gCoiste ó ceapadh é i mí Iúil 2011 agus tá moltaí curtha i láthair inti maidir lena ról amach anseo i dtaca le cuntasacht na Seirbhísí Poiblí do Thithe an Oireachtais a fheabhsú.

“Le linn don Choiste a orduithe tagartha a fhorbairt, rinne sé moltaí maidir le scrúdú a dhéanamh ar sheirbhísí poiblí bunaithe ar thaithí an tsaoránaigh. De réir na moltaí sin, beidh ar chumas an choiste imscrúduithe a dhéanamh thar a cheann féin, agus mar fhreagairt ar achainíocha ó shaoránaigh. Creidimid go bhfágfaidh an cur chuige seo go mbeidh an saoránach i gcroílár an chórais pharlaimintigh againn.”

Má theastaíonn uait freastal ar an ócáid seo, ní mór duit a bheith creidiúnaithe chun freastal ar chruinnithe mionteagaisc i dTeach Laighean. Chun socrú a dhéanamh creidiúnú a fháil don ócáid nó chun a thuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil, le do thoil, le:

Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
Facs: +3531 618 4551
Top
Share