Skip to main content
Normal View

Seachtain Na Gaeilge agus rol an Choimisineara Teanga le ple ag an gCoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht

7 Feb 2012, 11:58

Labhróidh roinnt grúpaí Gaeilge os comhair an Choiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht maidir leis na struchtúir maoinithe beartaithe d’eagraíochtaí Gaeilge, Seachtain Na Gaeilge agus ról agus feidhmeanna an Choimisinéara Teanga ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin an 8 Feabhra.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Ciarán Ó Loinsigh, TD: “Táimid ag tnúth lenár gcruinniú amárach le Conradh na Gaeilge, Guth na Gaeltachta agus Aontas Phobal na Gaeilge nuair a phléifimid na struchtúir maoinithe beartaithe d’eagraíochtaí Gaeilge. Beidh deis againn leis a dtuairimí a fháil ar Sheachtain Na Gaeilge, eagraíocht neamhbhrabúis a chuireann an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear, le linn féile 2 sheachtain ag tús na Márta gach bliain. Is é mana na féile “Croí na Gaeilge – It’s You” agus táthar ag iarraidh leis gach duine a chur san áireamh pé áit a bhfuil siad in athbheochan na Gaeilge. Beidh os cionn 150,000 duine idir óg agus aosta agus gach leibhéal líofachta sa Ghaeilge ag glacadh páirte san fhéile idir Chéilithe sráide agus chláir teifilíse.

Beidh deis againn leis ról agus feidhmeanna an Choimisinéara Teanga a phlé leis na grúpaí seo. Déanann an Coimisinéir Teanga faireachán ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla ag comhlachtaí poiblí agus déanann sé gach beart is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.”

Tionólfar an cruinniú seo Dé Céadaoin, 8 Feabhra, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean 2000 ar 2.15 pm.

Is féidir imeachtaí an Choiste a leanúint beo ag:
http://www.oireachtas.ie/ViewDoc.asp?fn=/documents/livewebcast/Web_Live.htm&CatID=83&m=o

Tá breis faisnéise ar fáil ach dul i dteagmháil le:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Dublin 2

Top
Share