Skip to main content
Normal View

An Coiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha le haitheasc ón Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann a éisteacht

28 Feb 2012, 12:33

Déanfaidh an tOmbudsman d’Óglaigh na hÉireann an Comhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha a aitheasc tráthnóna Dé Céadaoin beag seo, an 29 Feabhra. Tabharfaidh Paulyn Marrinan Quinn, Abhcóide Sinsir agus an tOmbudsman d’Óglaigh na hÉireann, achoimre ar obair a hoifige don Choiste.

Bunaithe le dlí in 2004, tugann an Oifig caoi do chomhaltaí reatha agus d’iar-chomhaltaí de na Buan-Óglaigh agus de na hÓglaigh Cúltaca ar ghearáin a achomharc a chreideann siad nach bhfuiltear tar éis aghaidh a thabhairt orthu go cuí taobh istigh den eagraíocht.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín TD: “Tá an Coiste ag tnúth leis an gcruinniú leis an Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann chun a cuid oibre tábhachtaí a phlé.

“I dtuarascáil ón gCoiste faoina ról nua, a foilsíodh níos luaithe an mhí seo caite, rinneadh socrú go bhféadfadh an Oifig idirchaidreamh a dhéanamh le hOmbudsmana eile, le comhlachtaí rialaitheacha poiblí nó le comhlachtaí a bunaíodh chun críche sásaimh. Is é seo an chéad chruinniú den sórt sin le hOmbudsman ó seoladh an tuarascáil sin, agus déanfar iniúchadh lena linn ar na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir a hOifig agus an Coiste.

“Deis thráthúil a bheidh sa chruinniú chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir lenár gCoiste agus a hOifig oibriú le chéile chun feabhas a chur ar an bhformhaoirsiú parlaiminteach, go mór mór i réimse na cuntasachta riaracháin.”

Tionólfar an cruinniú seo Dé Céadaoin, an 29 Feabhra, i Seomra Coiste 1, Teach Laighean 2000 ar 4 p.m.


Top
Share