6 Mar 2012, 12:06
Tiocfaidh Paul Reid, Stiúrthóir Clár sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i láthair an Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha tráthnóna Dé Céadaoin seo chugainn, an 7 Márta 2012. Tabharfaidh sé faisnéis don Choiste faoi athchóiriú na Seirbhíse Poiblí.
Earcaíodh an tUasal Reid i nDeireadh Fómhair 2011 chun bheith i gceannas ar oifig ina ndéanfar clár an Rialtais ar Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí a stiúradh agus a éascú.
Seo mar a labhair Micheál Mac Cárthaigh TD, Leas-Chathaoirleach an Choiste: “Tá Comhaltaí an Choiste ag súil go mór leis an mionfhaisnéis a thabharfaidh an tUasal Reid, ina leagfar amach clár athchóirithe an Rialtais.
“Beidh cur i láthair an Uasail Reid á thabhairt i gcomhthéacs an róil nua atá beartaithe don Choiste ó thaobh fhormhaoirsiú na hearnála poiblí. Tá sé i gceist ag an gCoiste áis a chur ar fáil do shaoránaigh chun saincheisteanna arb ábhair imní iad maidir le soláthar seirbhísí poiblí, a ardú i gceartlár an Oireachtais. Déanfar cíoradh ag an gcruinniú cén chaoi a bhféadfaidh an Coiste agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe oibriú i gcomhar chun formhaoirsiú parlaiminteach ar sheirbhísí poiblí a fheabhsú.”
Is féidir imeachtaí an Choiste a leanúint beo ag: http://bit.ly/xMg2nJ
Chun socrú a dhéanamh creidiúnú a fháil don ócáid nó chun a thuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil, le do thoil, le:
Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
Facs: +3531 618 4551