Skip to main content
Normal View

Mic léinn chun freastal ar an gCoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht i dTeach Laighean mar chuid de Sheachtain Na Gaeilge

6 Mar 2012, 11:52

Eagróidh an Coiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht ócáid ar leith i dTeach Laighean amárach an 7 Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Tá cuireadh á thabhairt do mhic léinn ó Choláiste Alexandra, Baile an Mhuilinn, Áth Cliath; Gaelcholáiste Chill Dara, an Droichead Nua, Cill Dara; agus ó Scoil Phobail na Dúghlaise, An Dúghlas, Corcaigh chun aitheasc a thabhairt do na comhaltaí den Choiste agus Comhaltaí eile de na Tithe ó 11.30 a.m. go 1.30 p.m. i Seomra Coiste 4 maidir leis na trí ní seo a leanas:

• An Spórt,
• Oideachas agus Fostaíocht,
• An Cultúr Gaelach agus an Ghaeilge.

Tá cuireadh á thabhairt do suas le 10 mac léinn ó gach ceann de na trí scoil chun páirt a ghlacadh. Iarrfar ar mhac léinn amháin ó gach scoil aitheasc a thabhairt do Chomhaltaí de Thithe an Oireachtais maidir le ceann amháin de na nithe. I ndiaidh na n-aitheasc beidh plé idir na Comhaltaí agus na mic léinn a bheidh i láthair. 

Is é a dúirt Cathaoirleach an Choiste Ciarán Ó Loinsigh TD \"Táimid ag dúil leis an gcruinniú amárach le mic léinn ó Choláiste Alexandra, Gaelcholáiste Chill Dara, agus Scoil Phobail na Dúghlaise. Is iontach an deis í seo ag an gCoiste agus ag an Oirechtas Seachtain na Gaeilge a chéilliúradh le cuid mhór de na daoine óga a mbeidh páirt fhíorthábhachtach acu chun an Ghaeilge a choimeád beo agus ina cuid dár gcultúr amach anseo.

Eagraíocht neamhbhrabúsach í Seachtain na Gaeilge a chuidíonn leis an nGaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn, in Éirinn agus thar lear, le linn féile coicíse a reachtáiltear ag tús Mhárta gach bliain. “Croí na Gaeilge – It’s You\"  is ea mana na féile agus tá mar aidhm aici gach duine a áireamh, cibé áit a bhfuil siad, in athbheochan na Gaeilge. Glacann breis agus 150,000 duine is cuma cén aois iad nó cén leibhéal líofachta Gaeilge atá acu páirt san Fhéile a chuimsíonn imeachtaí fíoréagsúla ar nós Céilithe sráide nó cláir teilifíse.\"

Beidh an cruinniú seo ar siúl, Dé Céadaoin, 7 Márta, i Seomra Coiste 4 TL 2000 ar 11.30.

is féidir leat teacht ar imeachtaí an Choiste ag
http://www.oireachtas.ie/ViewDoc.asp?fn=/documents/livewebcast/Web-Live.htm&CatID=83&m=o


Le haghaidh tuilleadh eolais déan teaghmháil le

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Fón: +3531 618 3903
Fón póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste:

Teachtaí:

Ciarán Ó Loinsigh, Páirtí an Lucht Oibre (Cathaoirleach)
Nollaig Ó Cuanáin, Fine Gael (Leas-Chathaoirleach)
Séamus Ó Banáin, Fine Gael
Pádraig Ó Cobhthaigh, Fine Gael
Terence Flanagan, Fine Gael
Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, Fine Gael
Antaine Mac Lochlainn, Fine Gael
Pádraig Ó Donnabháin, Fine Gael
Brian Breathnach, Fine Gael
Caoimhín Mac Unfraidh, Páirtí an Lucht Oibre
Gearailt de Nais, Páirtí an Lucht Oibre
Seán Ó Cionnaith, Páirtí an Lucht Oibre
Roibeard Ó Troithigh, Fianna Fáil
Tadhg Ó Dubhlaoigh, Fianna Fáil
Niall Ó Coileáin, Fianna Fáil
Sandra Nic Giollafhaoileáin, Sinn Féin
Deasún Mac Eilis, Sinn Féin
Brian Stanley, Sinn Féin
Clare Daly, An Páirtí Sóisialach
Catríona Uí Mhurchú, Neamhspleách
Lúcás ‘Ming’ Ó Flannagáin, Neamhspleách

Seanadóirí:
Cáit Uí Chatháin, Fine Gael
Catríona Ní Nuain, Fine Gael
Donacha Ó Leandaí, Páirtí an Lucht Oibre
Labhrás Ó Murchú, Fianna Fáil
Éamonn Ó Súilleabháin, Fianna Fáil
Éamonn Ó Cochláin, Neamhspleách

Top
Share