Skip to main content
Normal View

An Coimisinéir Teanga le teacht os comhair an Choiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha.

1 May 2012, 17:43

Tabharfaidh an Coimisinéir Teanga aitheasc don Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha tráthnóna amárach, Dé Céadaoin an 2 Bealtaine.

Pléifidh an Coimisinéir Seán Ó Cuirreáin ról agus gníomhaíochtaí a oifige agus tabharfaidh sé seisiún faisnéise don Choiste i gcomhthéacs Thuarascáil Bhliantúil 2011 de chuid a Oifige agus i gcomhthéacs tuarascálacha do Thithe an Oireachtais maidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tá gach ceann de na tuarascálacha sin ar fáil trí: http://www.coimisineir.ie/
Comhlíonann an oifig a príomhfheidhmeanna reachtúla trí bheith ag oibriú mar oifig ombudsman neamhspleách, mar ghníomhaireacht um chomhlíonadh agus mar chomhlacht comhairleach maidir le cearta agus dualgais reachtúla teanga. Cuireann sí bealach oifigiúil ar fáil chun déileáil le gearáin ó dhaoine a raibh deacrachtaí acu teacht ar sheirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín, TD: “Ó seoladh tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga an tseachtain seo caite, tá deis thráthúil anois ag an gCoiste chun saothar oifig an Uas. Uí Chuirreáin a chíoradh. Tuarascáil neamhbhalbh a bhí inti, inar cáineadh na comhlachtaí stáit nach bhfuil ag cur bunghnéithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i bhfeidhm.

 “Aithnítear sa Tuarascáil go raibh méadú cúig faoin gcéad ar thuairiscí ar dheacrachtaí nó fadhbanna teacht ar sheirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge – an líon is mó gearán ón bpobal leis an Oifig ón uair a bunaíodh í. Dírítear freisin inti ar leochaileacht na Gaeilge sa Ghaeltacht féin, agus tugtar breithiúnas géar inti ar easpa Gaeilge Ghardaí Ghaoth Dobhair, croilár Ghaeltacht Dhún na nGall.

 “Beidh seans againn freisin, agus an tUas. Ó Cuirreáin inár láthair scrúdú a dhéanamh ar na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir a oifig siúd agus an Coiste. Rinneadh socrú i dtuarascáil ón gCoiste a foilsíodh níos luaithe i mbliana, maidir lena ról nua, go bhféadfaimis gníomhú i gcuibhreann le hOmbudsmana eile, le comhlachtaí rialála poiblí eile nó le comhlachtaí a bunaíodh chun críche sásaimh.”

Beidh an cruinniú seo ann Dé Céadaoin an 2 Bealtaine, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean 2000, ar 3 p.m. Táthar ag ceapadh gur trí Ghaeilge a sheolfar cuid mhór den chruinniú.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fháil beo ar: http://bit.ly/xMg2nJ

Top
Share