Skip to main content
Normal View

Cuirfidh an Coiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha ábhar buartha an Choimisinéara Teanga chun cinn

4 May 2012, 15:13

Thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, aitheasc don Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha Dé Céadaoin maidir lena chuid oibre ag déanamh maoirseachta ar chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Comhlíonann oifig an Choimisinéara a príomhfheidhmeanna reachtúla trí bheith ag oibriú mar oifig ombudsman neamhspleách, mar ghníomhaireacht um chomhlíonadh agus mar chomhlacht comhairleach maidir le cearta agus dualgais reachtúla teanga.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín TD: “Ó seoladh tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga an tseachtain seo caite, bhí deis thráthúil ag an gCoiste chun saothar oifig an Uas. Uí Chuirreáin a chíoradh. Gabhaimid buíochas leis an Uas. Ó Cuirreáin as aitheasc fadréimseach neamhbhalbh a thabhairt, a spreag plé mionsonraithe spéisiúil ina dhiaidh sin leis na Comhaltaí faoin nGaeilge i gceantair Ghaeltachta agus Ghalltachta a chosaint agus a fhorbairt.

“I gcuid de na tuarascálacha a chuir an Coimisinéir Teanga faoi bhráid na dTithe anuraidh, cáineadh comhlachtaí stáit nach raibh ag cur bunghnéithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, i bhfeidhm. I measc na gcomhlachtaí sin bhí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus an Roinn Coimirce Sóisialaí.

“Cuireadh in iúl don Choiste nár chuir na comhlachtaí poiblí sin i bhfeidhm moltaí a bhí i dtuarascáil ar imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga. Tar éis do na Comhaltaí a machnamh a dhéanamh ar argóintí ciallmhara an Uas. Uí Chuirreáin, d’aontaigh siad cuireadh a thabhairt d’Ard-Rúnaithe na Ranna Rialtais iomchuí teacht os comhair an Choiste.

“Táimid ag súil go mór le dul i mbun plé le hArd-Rúnaí na Roinne Coimirce Sóisialaí, le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte, agus le hArd-Rúnaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis na pleananna atá acu chun na fadhbanna a léirigh an tUas. Ó Cuirreáin a réiteach. Ardóidh an Coiste an cheist freisin leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Séamus Ó Duibhneacháin TD.

“D’aontaigh Comhaltaí an Choiste tairiscint go dtacódh an Coiste leis na feidhmeanna neamhspleácha atá ag Oifig an Choimisinéara Teanga i gcónaí, agus an Oifig ag gníomhú di chun a chinntiú go gcosantar na cearta a bhaineann leis an nGaeilge.”

Nóta ón Eagarthóir: De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, féadfaidh an Coimisinéir Teanga tuarascáil a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais más dóigh leis nó léi nár chuir comhlacht poiblí i bhfeidhm aon chuid de na moltaí a bhí i dtuarascáil ar imscrúdú a rinne sé féin. Is féidir teacht ar na tuarascálacha iomchuí de chuid an Choimisinéara Teanga a cíoradh ag an gcruinniú ar http://www.coimisineir.ie/
 
Chun a thuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Fón: +3531 618 4484
Fón póca: +353 87 694 9926
Facs: +3531 618 4551
Comhaltaí an Choiste
Teachtaí
Dara Mac Giolla Laoire, TD
Siobhán Ní Choileáin, TD
Micheál Ó Connacháin, TD
Ailín Ó Fearghail, TD
Cathal Ó Flannagáin, TD
Micheál Ó hÉallaigh, TD
Peadar Mac Mathúna, TD
Micheál Mac Cárthaigh, TD
Cathal Mac Conall Óg, TD
Michelle Ní Mhaoilchiaráin, TD
Derek Ó Nualláin, TD
Aengus Ó Snodaigh, TD
Seán Pól Ó Faoláin, TD
Peadar Tóibín, TD
Micheál de Bhailís, TD

Seanadóirí

Trevor Ó Clochartaigh,
Séamus Mac Airt,
Antoin O Maolcatha,
Darragh O’Brien,
Siobhán Ní Chaoimh.

Top
Share