Skip to main content
Normal View

Cruinniú ag an gCoiste Cumarsáide le Cathaoirleach Ainmnithe TG4

9 May 2012, 17:05

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Chumarsáid, Acmhainní Nádúrtha agus Talmhaíocht amárach le Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach Ainmnithe Bhord TG4.

Deir Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais, Aindrias Ó Dubhaill TD : “Faoin gClár Rialtais, ceanglaítear ar na daoine a moltar iad a cheapadh mar chathaoirligh ar bhoird Stáit a bheith ar fáil chun teacht i láthair an Choiste Oireachtais chuí. Tabharfaidh cruinniú an lae amáraigh le Siún Ní Raghallaigh Uas. deis don Choiste an cur chuige a bheidh aici agus í ina Cathaoirleach agus a cuid tuairimí i dtaobh an méid a bhainfidh TG4 amach sa todhchaí, mar ghlór faoi leith i measc na meán Éireannach, a phlé.”

“Níl aon ról bactha ag an gCoiste sa cheapachán agus, tar éis phlé an lae amáraigh, déanfaidh an tAire nó an Rialtas, de réir mar is cuí, cinntí chun Siún Ní Raghallaigh Uas. a dhaingniú ina cathaoirleach.”

Tionólfar an cruinniú amárach, Déardaoin an 10 Bealtaine ar 10 a.m., i Seomra Coiste 3, TL 2000. Is féidir imeachtaí an Choiste a fháil beo ar: http://bit.ly/24YmPI

Chun a thuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Paul Hand,

Tithe an Oireachtais,

An tAonad Cumarsáide,

Teach Laighean,

Baile Átha Cliath 2

 

Fón: +3531 618 4484

Fón póca: +353 87 694 9926

Top
Share