Skip to main content
Normal View

Tuarascáil ar an tsamhail nua mhaoinithe d’Fhoras na Gaeilge le seoladh ag an gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht

5 Jun 2012, 10:36

Seolfaidh an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht a thuarascáil ar an tSamhail Nua Mhaoinithe atá Beartaithe d’Fhoras na Gaeilge Dé Céadaoin, an 6 Meitheamh 2012 ar 12 meán lae sa Seomra Closamhairc, Teach Laighean, Baile Átha Cliath 2.

Déantar roinnt moltaí tábhachtacha sa tuarascáil agus cuirtear roinnt tuairimí tábhachtacha in iúl inti maidir le saincheist na Samhla Nua Maoinithe atá Beartaithe d’Fhoras na Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Ciarán Ó Loinsigh, TD: “I mí na Nollag 2009 thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge. I mí na Bealtaine 2010 d’fhógair Foras na Gaeilge a Samhail Nua Mhaoinithe bheartaithe, ar togra uaillmhianach athruithe í d’earnáil na Gaeilge. Thugamar an deis d’Fhoras na Gaeilge agus do roinnt eagraíochtaí Gaeilge comhairle a chur orainn maidir le conas a d’fhéadfaí an tSamhail a fheabhsú. Bhí dhá chruinniú ag an gComhchoiste inar éisteamar le huiríll na n-eagraíochtaí agus scrúdaíomar go mion na haighneachtaí a seoladh isteach chugainn. Beartaítear leis an Tuarascáil seo tuairimí na ndaoine siúd ar cás leo ár dteanga náisiúnta, agus a bhfuil de dhiongbháilteacht iontu obair ar a son, a chur in iúl go díreach don Rialtas.

An Ócáid: Seoladh na Tuarascála ar an tSamhail Nua Mhaoinithe d’Fhoras na Gaeilge
An Áit: Seomra Closamhairc, Teach Laighean
Dáta: Dé Céadaoin an 6 Meitheamh 2012
Am: 12 meán lae

Tugtar cuireadh duit freastal ar sheoladh na tuarascála seo nó ionadaí a chur chuig an seoladh. Má theastaíonn uait freastal ar an ócáid seo ní mór duit a bheith creidiúnaithe chun freastal ar chruinnithe mionteagaisc i dTeach Laighean. Chun socrú a dhéanamh creidiúnú a fháil don ócáid nó chun a thuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil, le do thoil, le:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

T: +3531 618 3903
TP: 086-0496518
F: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

 Teachtaí:

Ciarán Ó Loinsigh, Páirtí an Lucht Oibre (Cathaoirleach)
Nollaig Ó Cuanáin, Fine Gael (Leas-Chathaoirleach)
Séamus Ó Banáin, Fine Gael
Pádraig Ó Cobhthaigh, Fine Gael
Terence Flanagan, Fine Gael
Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, Fine Gael
Antaine Mac Lochlainn, Fine Gael
Pádraig Ó Donnabháin, Fine Gael
Brian Breathnach, Fine Gael
Caoimhín Mac Unfraidh, Páirtí an Lucht Oibre
Gearailt de Nais, Páirtí an Lucht Oibre
Seán Ó Cionnaith, Páirtí an Lucht Oibre
Roibeard Ó Troithigh, Fianna Fáil
Tadhg Ó Dubhlaoigh, Fianna Fáil
Niall Ó Coileáin, Fianna Fáil
Sandra Nic Giollafhaoileáin, Sinn Féin
Deasún Mac Eilis, Sinn Féin
Brian Stanley, Sinn Féin
Clare Daly, An Páirtí Sóisialach
Catríona Uí Mhurchú, Neamhspleách
Lúcás ‘Ming’ Ó Flannagáin, Neamhspleách

Seanadóirí:

Cáit Uí Chatháin, Fine Gael
Catríona Ní Nuain, Fine Gael
Donacha Ó Leandaí, Páirtí an Lucht Oibre
Labhrás Ó Murchú, Fianna Fáil
Éamonn Ó Súilleabháin, Fianna Fáil
Éamonn Ó Cochláin, Neamhspleách

Top
Share