Skip to main content
Normal View

Is gá ról agus freagrachtaí Fhoras na Gaeilge a leagan amach go soiléir - Tuarascáil ón gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht

6 Jun 2012, 12:42

De réir tuarascála ó Choiste an Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht ar an tSamhail Nua Mhaoinithe atá Beartaithe d’Fhoras na Gaeilge, ba cheart samhail nua mhaoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú chun an soláthar seirbhísí is éifeachtaí a chinntiú do phobal na Gaeilge.

De réir na tuarascála, ba cheart go ndéanfaí róil agus freagrachtaí Fhoras na Gaeilge agus na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe a leagan amach go soiléir agus leagtar amach inti trí chéim chun na freagrachtaí a dheighilt gan athbhrí.

1. Ba cheart d’Fhoras na Gaeilge freagrachtaí, cuspóirí, agus torthaí inmhianaithe scéime ar leith a leagan amach agus a chomhaontú leis an eagraíocht chomhpháirtíochta. Ba cheart toradh an phróisis sin a chur ar bhonn foirmiúil faoi réim conartha seirbhíse.
2. Ba cheart go mbeadh freagracht ar an eagraíocht chomhpháirtíochta as an gconradh seirbhíse a chur i bhfeidhm thar thréimhse ama shonraithe.
3. Ba cheart go ndéanfadh Foras na Gaeilge maoirsiú ar chur i ngníomh an chonartha seirbhíse. Ba cheart go ndéanfadh sé athbhreithniú bliantúil agus measúnú deiridh ar gach scéim bunaithe ar chomhlíonadh fhreagrachtaí agus chuspóirí an chonartha seirbhíse agus ar mheasúnú torthaí.

Luadh sa tuarascáil gur cheart bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí comhpháirtíochta chun soláthar seirbhísí fíorthábhachtacha a chothabháil agus chun tacú le pobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach. Níor cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.

Áirítear na nithe seo a leanas ar na moltaí eile atá sa tuarascáil:

• D’fhonn freastal ar riachtanais éagsúla scéimeanna, ba cheart go mbeifí in ann fad conarthaí seirbhíse a chaibidil idir aon bhliain amháin agus cúig bliana, faoi réir srianta rialta i dtaca le maoiniú na Roinne.
• D’fhonn creimeadh na rannpháirtíochta deonaí a sheachaint, ba cheart go gcuirfí critéar nua san áireamh le linn scéimeanna a mheasúnú: an cumas gréasáin dheonacha reatha a thabhairt ar bord agus/nó breis rannpháirtíochta deonaí agus pobail a spreagadh.
• I gcás nach n-éiríonn rómhaith le scéim nó mura gcomhlíontar conradh seirbhíse, ba cheart go mbeadh Foras na Gaeilge in ann forálacha sonracha a áireamh sa chéad chonradh seirbhíse eile d’fhonn an scéim a fheabhsú.
• Molann an Comhchoiste go ndéanfar roinnt beart, sula gcuirfear an tsamhail nua mhaoinithe i ngníomh, chun a chinntiú go ndéanfar an earnáil a réasúnú go héifeachtach agus go héifeachtúil.  Cinnteofar leis na bearta sin go ndéanfar riachtanais shonracha earnáil na Gaeilge agus phobal na Gaeilge a chorprú sa tsamhail nua.  Ina theannta sin, maolófar roinnt de na priacail a bhaineann le hathstruchtúrú.
• Ba cheart go ndéanfadh Foras na Gaeilge, i gcomhar leis na 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe, measúnú ar na heagraíochtaí ina n-áireofar:-
1. Róil agus freagrachtaí gach eagraíochta;
2. Ionadaíocht gheografach seirbhísí;
3. An Ról atá ag saorálaithe san obair a dhéanann gach eagraíocht acu;
4. Rialachas corparáideach gach eagraíochta.

• Ba cheart d’Fhoras na Gaeilge plean straitéiseach a ullmhú ina leagfaí amach conas a chuirfear leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030 agus leis an straitéis don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann a bhfuiltear ag súil léi, mar thoradh ar an maoiniú a chuirfidh sé ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge.  Ba cheart go mbeadh an plean straitéiseach sin ag teacht le prionsabail pleanála teanga agus go ndéanfadh sé riachtanais shonracha na hearnála deonaí agus bheartas pobalbhunaithe na Gaeilge a chur i gcuntas.
• Ba cheart d’Fhoras na Gaeilge réasúnú na hearnála a chomhaontú leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe faoi dheireadh mhí na Nollag 2012, bunaithe ar mheasúnú ar na heagraíochtaí agus ar phlean straitéiseach Fhoras na Gaeilge.
• Ba cheart maoiniú a chur ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe go dtí go dtabharfar athstruchtúrú na hearnála chun críche d’fhonn soláthar leanúnach seirbhísí a chinntiú do phobal na Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Ciarán Ó Loinsigh, TD: “I mí na Nollag 2009 thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh / Theas treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge. I mí na Bealtaine 2010 d’fhógair Foras na Gaeilge a Samhail Nua Mhaoinithe bheartaithe, ar togra uaillmhianach athruithe í d’earnáil na Gaeilge. Is mór an suntas atá ag baint leis an tSamhail seo d’fhostaithe na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe, don phobal deonach san earnáil agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne. Ina theannta sin, beidh tionchar ag an tSamhail Nua ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030. Ar na cúiseanna sin, chinn an Comhchoiste an straitéis bheartaithe a scrúdú go mion.

Agus an cuspóir sin romhainn, thugamar deis d’Fhoras na Gaeilge agus do roinnt eagraíochtaí Gaeilge comhairle a chur orainn maidir le conas a d’fhéadfaí an tSamhail a fheabhsú. Bhí dhá chruinniú ag an gComhchoiste inar éisteamar le huiríll na n eagraíochtaí agus scrúdaíomar go mion na haighneachtaí a seoladh isteach chugainn.

Beartaítear leis an Tuarascáil seo tuairimí na ndaoine siúd ar cás leo ár dteanga náisiúnta, agus a bhfuil de dhiongbháilteacht iontu obair ar a son, a chur in iúl go díreach don Rialtas. Tá ár gcuid moltaí á gcur ar aghaidh againn chuig an Rialtas tar éis ionchur a lorg ó Earnáil na Gaeilge agus grinnscrúdú a dhéanamh air. Tá súil againn go ndéanfaidh an Rialtas breithniú cúramach ar na moltaí seo. Má chuirtear i ngníomh iad, creidimid gur féidir Earnáil Gaeilge níos éifeachtaí agus níos solúbtha a chothú lena gcinnteofar soláthar seirbhísí ardchaighdeáin do phobal na Gaeilge go ceann i bhfad.”

Léigh an tuarascáil anseo: http://bit.ly/LxdxWE

Faigh rochtain ar ghearrthóg físe ina bhfeictear Fiach Mac Conghail ag plé mholtaí na tuarascála: http://youtu.be/TZ92bCkvuJo

Chun a thuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil, le do thoil, le:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Teil: +3531 618 3903
Fón Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

Teachtaí:

Ciarán Ó Loinsigh, Páirtí an Lucht Oibre (Cathaoirleach)
Nollaig Ó Cuanáin, Fine Gael (Leas-Chathaoirleach)
Séamus Ó Banáin, Fine Gael
Pádraig Ó Cobhthaigh, Fine Gael
Terence Flanagan, Fine Gael
Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, Fine Gael
Antoine Mac Lochlainn, Fine Gael
Pádraig Ó Donnabháin, Fine Gael
Brian Breathnach, Fine Gael
Caoimhín Mac Unfraidh, Páirtí an Lucht Oibre
Gearailt de Nais, Páirtí an Lucht Oibre
Seán Ó Cionnaith, Páirtí an Lucht Oibre
Roibeard Ó Troithigh, Fianna Fáil
Tadhg Ó Dubhlaoigh, Fianna Fáil
Niall Ó Coileáin, Fianna Fáil
Sandra Nic Giollafhaoileáin, Sinn Féin
Deasún Mac Eilis, Sinn Féin
Brian Stanley, Sinn Féin
Clare Daly, An Páirtí Sóisialach
Catríona Uí Mhurchú, Neamhspleách
Lúcás ‘Ming’ Ó Flannagáin, Neamhspleách
 
Seanadóirí:

Cáit Uí Chatháin, Fine Gael
Catríona Ní Nuain, Fine Gael
Labhrás Ó Murchú, Fianna Fáil
Eamonn Ó Súilleabháin, Fianna Fáil
Fiach Mac Conghail, Neamhspleách


 

Top
Share