10 Sep 2012, 16:42
Tugtar cuireadh duit, nó d’ionadaí de do chuid, a bheith i láthair ag seoladh an Chórais Oireachtais um Achainíocha Poiblí, ina léireofar bealach nua tábhachtach ina bhféadfaidh daoine aonair páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach.
Beidh ar chumas daoine den phobal, trí achainíocha a dhéanamh ar líne agus leis an bpost, aon ábhar imní a bheidh acu faoi bheartais a leagan go díreach faoi bhráid an Oireachtais.
Is é an Comhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha a sheolfaidh an córas nua, Déardaoin an 13 Meán Fómhair ag 12 meán lae in Ionad Axis Bhaile Munna agus áireofar sa seoladh:
- Seisiún réamheolais le Peadar Tóibín TD, Cathaoirleach an Choiste;
- Léiriú ar an gcaoi ina n-oibrítear an córas, atá áisiúil don úsáideoir, agus
- Freagraí ar cheisteanna coitianta ón gCathaoirleach agus ó Chomhaltaí eile den Choiste.
Beidh ionadaithe ó dhornán ionadaitheach de ghrúpaí saoránach i láthair freisin.
Ócáid: Seoladh Chóras Nua an Oireachtais um Achainíocha Poiblí
Láthair: Ionad Axis – Ionad Acmhainní Ealaíon agus Pobail, An tSráid Mhór, Baile Munna, Baile Átha Cliath 9
Dáta: Déardaoin, 13 Meán Fómhair 2012
Am: 12 meán lae
Deir an Teachta Tóibín: “Leis an gcóras achainíocha tugtar deis do dhaoine den phobal den chéad uair lámh a bheith acu i leagan chlár na parlaiminte. Seift mhaith í seo do chóras daonlathach na tíre. Cuirfidh sé le cuntasacht Thithe an Oireachtais ó thaobh athbhreithniú agus imscrúdú a dhéanamh ar aon ábhair imní a bheidh ag saoránaigh, mar a iarrfaidh na saoránaigh féin é.”
“Cuirfear ar ár gcumas, trí na hachainíocha a gheobhaimid, an tseirbhís phoiblí a scrúdú, ní trí shúile lucht ceaptha beartais nó státseirbhíseach sinsearach, ach bunaithe ar thaithí saoránach agus úsáideoirí seirbhísí poiblí. Is comhlacht diongbháilte a bheidh sa Choiste a ghníomhóidh thar ceann an phobail agus a dhíreoidh ar mholtaí a dhéanamh agus ar athrú a threorú.”
Más mian leat clárú chun bheith i láthair ag an ócáid nó má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le do thoil le:
Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
T: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
F: +3531 618 4551
Comhaltas an Choiste
Teachtaí:
Risteard Buíd Bairéid, People Before Profit Alliance
Dara Mac Giolla Laoire, Fianna Fáil
Siobhán Ní Choileáin, People Before Profit Alliance
Micheál Ó Connacháin, Páirtí an Lucht Oibre
Ailín Ó Fearghail, Fine Gael
Cathal Ó Flannagáin, Fine Gael
Micheál Ó hÉallaigh, Comhalta Neamhspleách
Peadar Mac Mathúna, Fine Gael
Micheál Mac Cárthaigh, Páirtí an Lucht Oibre (Leas-Chathaoirleach)
Cathal Mac Conall Óg, Fianna Fáil
Michelle Ní Mhaoilchiaráin, Fine Gael
Derek Ó Nualláin, Páirtí an Lucht Oibre
Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin
Seán Pól Ó Faoláin, Fine Gael
Peadar Tóibín, Sinn Féin (Cathaoirleach)
Seanadóirí:
Tomás Ó Broin
Trevor Ó Clochartaigh
Séamus Mac Airt
Antoin Ó Maolcatha
Siobhán Ní Chaoimh
CUIREADH CHUIG NA MEÁIN
TITHE AN OIREACHTAIS
Seoladh i gcomhair na Meán Cumarsáide: Córas Nua an Oireachtais um Achainíocha Poiblí
10 Meán Fómhair 2012
Tugtar cuireadh duit, nó d’ionadaí de do chuid, a bheith i láthair ag seoladh an Chórais Oireachtais um Achainíocha Poiblí, ina léireofar bealach nua tábhachtach ina bhféadfaidh daoine aonair páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach. Beidh ar chumas daoine den phobal, trí achainíocha a dhéanamh ar líne agus leis an bpost, aon ábhar imní a bheidh acu faoi bheartais a leagan go díreach faoi bhráid an Oireachtais.
Is é an Comhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha a sheolfaidh an córas nua, Déardaoin an 13 Meán Fómhair ag 12 meán lae in Ionad Axis Bhaile Munna agus áireofar sa seoladh:
· Seisiún réamheolais le Peadar Tóibín TD, Cathaoirleach an Choiste;
· Léiriú ar an gcaoi ina n-oibrítear an córas, atá áisiúil don úsáideoir, agus
· Freagraí ar cheisteanna coitianta ón gCathaoirleach agus ó Chomhaltaí eile den Choiste.