Skip to main content
Normal View

Saoránaigh á dtabhairt go croílár an Oireachtais ag an gCóras nua Parlaiminteach um Achainíocha

13 Sep 2012, 12:47

Tá bealach saincheaptha ag daoine den phobal anois, den chéad uair riamh, chun ábhar imní a bhíonn acu faoi bheartais a chur go díreach faoi bhráid an Oireachtais agus chun tionchar a bheith acu ar chlár oibre na parlaiminte.

13 Meán Fómhair 2012

Seoladh córas parlaiminteach um achainíocha inniu, Déardaoin an 13 Meán Fómhair, in Ionad Axis Bhaile Munna, i gcomhluadar ionadaithe ó ghrúpaí saoránach.

Is é an Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha a dhéanfaidh achainíocha poiblí a bheidh curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais a ghlacadh agus a phróiseáil, d’fhonn a aimsiú cén dóigh ar féidir seirbhísí poiblí níos fearr a sheachadadh ar shaoránaigh.

Deir Peadar Tóibín T.D., Cathaoirleach an Choiste: “Is áis thábhachtach nuálach í seo san Oireachtas ó thaobh an daonlathais de. Den chéad uair leis na 93 bliana ó cuireadh an tOireachtas ar an bhfód beidh bealach ag saoránaigh chun tionchar a bheith acu caol díreach ar chlár oibre na parlaiminte.

 “Is iad na daoine is cuí chun tuairimí a nochtadh ar éifeachtacht na seirbhísí poiblí ná úsáideoirí na seirbhísí sin. Dá bhrí sin is taithí shaoránaigh na tíre a bheidh mar bhonn feasta faoi fhorbairt agus seachadadh seirbhísí poiblí éifeachtacha.”

Gearrthóg YouTube den Chathaoirleach agus an córas um achainíocha á chur i láthair aige: http://youtu.be/KHAmoOG5j6c

Téigh go dtí doiciméad Ceisteanna agus Freagraí ina dtugtar breac-chuntas sa bhreis ar an gcaoi ina n-oibríonn an córas

Téigh go dtí an leathanach Achainíocha ar shuíomh gréasáin an Oireachtais agus déan achainí: petitions.oireachtas.ie

Cúlra: Achainí a dhéanamh

  • Is féidir le duine ar bith den phobal achainí a dhéanamh faoi ábhar spéise nó imní don phobal i gcoitinne. Ní theastaíonn ach síniú amháin agus níl teorainn ar bith leis an líon daoine a fhéadfaidh tacú le hachainí. Ní mór d’achainígh a thaispeáint go bhfuil bearta déanta acu cheana chun an tsaincheist a ardaítear san achainí a réiteach, mar shampla, trína hardú leis an Ombudsman, le comhlachtaí poiblí, nó leis an Roinn Rialtais iomchuí féin.
  • Ní mór a bheith cúramach le linn achainíocha a ullmhú chun a chinntiú go bhfuil siad de réir rialacha an Oireachtais. Iarrtar ar gach achainíoch foirm chaighdeánach a chomhlánú. Tá an fhoirm seo ar fáil ar petitions.oireachtas.ie agus is féidir í a chomhlánú agus a chur isteach ar líne, nó í a sheoladh ar ríomhphost nó leis an bpost.  Tá an Rúnaíocht ar fáil freisin chun cúnamh a thabhairt don phobal i dtaca leis an bhfoirm seo a chomhlánú agus chun comhairle a thabhairt ar an gcineál achainíocha a bhféadtar glacadh leo.
  • Ní mór go mbainfidh achainí le nithe a bhfuil de chumhacht ag Tithe an Oireachtais gníomhú ina leith agus ní ceadmhach ainmneacha daoine aonair a lua, baint a bheith ag an achainí le cás cúirte atá fós ar siúl ná teanga a úsáid san achainí atá maslach nó clúmhillteach.

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le do thoil le:

Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
T: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
F: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

Teachtaí:     
Risteard Buíd Bairéid, People Before Profit Alliance
Dara Mac Giolla Laoire, Fianna Fáil
Siobhán Ní Choileáin, People Before Profit Alliance
Micheál Ó Connacháin, Páirtí an Lucht Oibre
Ailín Ó Fearghail, Fine Gael
Cathal Ó Flannagáin, Fine Gael
Micheál Ó hÉallaigh, Comhalta Neamhspleách
Peadar Mac Mathúna, Fine Gael
Micheál Mac Cárthaigh, Páirtí an Lucht Oibre (Leas-Chathaoirleach)
Cathal Mac Conall Óg, Fianna Fáil
Michelle Ní Mhaoilchiaráin, Fine Gael
Derek Ó Nualláin, Páirtí an Lucht Oibre
Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin
Seán Pól Ó Faoláin, Fine Gael
Peadar Tóibín, Sinn Féin (Cathaoirleach)

Seanadóirí:     
Tomás Ó Broin
Trevor Ó Clochartaigh     
Séamus Mac Airt
Antoin Ó Maolcatha     
Siobhán Ní Chaoimh    

Top
Share