Skip to main content
Normal View

Deis ag daltaí a gcuid a rá agus Seachtain na Gaeilge á comóradh ag Coiste Oireachtais

4 Mar 2013, 11:38

Tabharfar deis do dhaltaí scoile dara leibhéal a smaointe a nochtadh do na polaiteoirí an tseachtain seo i dTeach Laighean – agus is as Gaeilge a dhéanfaidh siad é.

Mar chomóradh ar Sheachtain na Gaeilge, tá cuireadh tugtha ag an gCoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht do dhaoine óga as trí mheánscoil teacht os a gcomhair amárach, Dé Máirt, 5 Márta 2013, chun labhairt i nGaeilge leis an gCoiste faoi na hábhair seo a leanas:
1. Todhchaí na hÉireann san Aontas Eorpach
2. An tionchar atá ag na meáin shóisialta ar shaol na hÉireann
3. An tábhacht a bhaineann le pobail áitiúla a fhorbairt

Is iad na trí scoil: Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co Bhaile Átha Cliath; Coláiste Pobail Maria Immaculata, Dúnmánmhaí, Co Chorcaí; Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co na Gaillimhe. Is í seo an dara huair a mbeidh daltaí scoile ina n-aíonna ag an gCoiste mar ghné de Sheachtain na Gaeilge, tar éis gur éirigh go rímhaith le hócáid mar sin i dTeach Laighean an bhliain seo caite.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Micheál Mac Cárthaigh TD : “Táimid ag súil go mór leis an gcruinniú amárach le daltaí as Coláiste Cois Life, Coláiste Pobail Maria Immaculata agus Coláiste Cholmcille. Is deis luachmhar í seo ag an gCoiste agus ag an Oireachtas Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus a chomóradh i dteannta go leor de na daoine óga a bheidh ag gníomhú chun an Ghaeilge a choimeád beo bríomhar agus ina cuid d’ár gcultúr amach anseo. Is deis faoi leith í freisin do dhaltaí scoile dara leibhéal labhairt le Coiste Oireachtais ar ábhair ar cás leo iad agus a bhfuil tionchar acu ar a saol sa lá atá inniu ann agus amach anseo.”
“Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge a chabhraíonn chun an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn, sa bhaile agus thar lear, le linn féile coicíse a sheoltar ag tús mhí an Mhárta gach bliain. Is é “Croí na Gaeilge – It’s You!” mana na féile, agus is í an aidhm atá léi gach aon duine, is cuma cá háit ina bhfuil sé nó sí, a mhealladh chun bheith páirteach in athnuachan na Gaeilge. Glacann breis agus 150,000 duine, idir óg agus aosta agus ar gach leibhéal líofachta, páirt san fhéile, a chuimsíonn réimse mór imeachtaí, ó Chéilithe sráide go cláir teilifíse. Is cúis mhór áthais é ag comhaltaí an Choiste páirt a ghlacadh i gceiliúradh na hócáide tábhachtaí seo, atá saincheaptha chun eolas ar an nGaeilge, agus suim inti, a chothú.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 2.15pm amárach, Dé Máirt, 5 Márta 2013.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fháil beo ar: http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/

Seol fiosrúcháin ó na meáin chuig:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
T: +3531 618 3903
FP: 086-0496518
F: +3531 618 4551
R-phost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Teachtaí: Séamus Ó Banáin TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin (Fine Gael) Leas-Chathaoirleach; Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide TD (Fine Gael); Barra V. Ó Comhain (Fianna Fáil); Lúcás Ó Flannagáin TD (Neamhspleách); Caoimhín Mac Unfraidh TD (Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh TD (Lucht Oibre) Cathaoirleach; Sandra Nic Giollafhaoileáin TD (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú TD (Neamhspleách); Gearailt de Nais TD (Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl TD (Fianna Fáil); Brian Stanley TD (Sinn Féin).

Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Catriona Ní Nuain (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil); An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

 

Top
Share