Skip to main content
Normal View

Scéim Teanga Sheirbhís Thithe an Oireachtais, 2012-2015

22 Mar 2013, 11:36

Tá an chéad scéim teanga le Seirbhís Thithe an Oireachtais daingnithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tá gealltanais agus forálacha ilghnéitheacha sa Scéim, lena mbeartaítear cur le hinfhaighteacht seirbhísí trí Ghaeilge don phobal.
Maidir leis na modhanna ginearálta ar a ndéantar cumarsáid leis an bpobal, tá geallta ag Seirbhís Thithe an Oireachtais go ndéanfaidh sí comhfhreagras a thionscnamh i nGaeilge le daoine nó comhlachtaí arb eol gur fearr leo comhfhreagras as Gaeilge agus go gcuirfear in iúl go sonrach go bhfuil fáilte roimh chomhfhreagras as Gaeilge. Gealltar freisin go ndéanfar aon seirbhísí idirghníomhacha a bheidh ar fáil amach anseo a thabhairt isteach go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.
Tá gealltanas tugtha sa Scéim go mbeidh mar bheartas ginearálta ag Seirbhís Thithe an Oireachtais aon bhileoga faisnéise, foirmeacha iarratais agus póstaeir nua atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne a chur ar fáil go dátheangach agus go gcuirfear de réir a chéile leis an méid Gaeilge atá ar an suíomh idirlín.
Ina theannta sin, tabharfar spreagadh agus tacaíocht don fhoireann chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Maidir le cuairteoirí ar Theach Laighean, cuirfear in iúl go sonrach dóibh gur féidir turas a dhéanamh ar an Teach trí Bhéarla nó trí Ghaeilge nó go dátheangach agus déanfaidh Seirbhís Thithe an Oireachtais iarracht gníomhaíochtaí trí Ghaeilge a eagrú don Oíche Chultúir.
CRIOCH/
Seol fiosrúcháin ó na meáin chuig:
Verona Ni Bhroinn
087 2624132

Top
Share