Skip to main content
Normal View

Cathaoirleach Coiste Oireachtais ag plé le ceisteanna Gaeilge i dTuaisceart Éireann

23 Apr 2013, 12:53

Bhí Cathaoirleach an Chomhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta, an Teachta Seosamh Mac Aodha, i mBéal Feirste maidin inniu chun freastal ar sheoladh foilseacháin ina bhféachtar ar a mhéid atá na gealltanais atá sa chomhaontú i dtaca leis an teanga á gcomhlíonadh.

23 Aibreán 2013

Bhí an foilseachán á sheoladh ag Pobal, a ghníomhaíonn ar son Gaeilgeoirí i dTuaisceart Éireann, agus tá sé ar siúl ar chomóradh 15 bliana shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Is é a dúirt an Teachta Mac Aodha: “Bhí lúcháir orm labhairt ag seoladh oifigiúil an fhoilseacháin luachmhair seo de chuid Pobal ar maidin, foilseachán ina léirítear raon leathan tuairimí ó ghluaiseacht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá anailís thábhachtach sa doiciméad do reachtóirí ón dá thaobh den teorainn i ndáil le conas dul chun cinn a dhéanamh maidir le nithe is cás le pobal na Gaeilge. Tá pointí dearfacha ann, áfach, agus rinneadh tagairt go minic sa tráchtaireacht ar maidin don dul chun cinn atá déanta le 15 bliana anuas. Tharla roinnt mhaith den dul chun cinn sin ag leibhéal na cosmhuintire. Creidim gurb é an cur chuige ó bhun aníos seo ag leibhéal an phobail is mó a ghríosóidh clár oibre na Gaeilge.

“Maidir leis an gCoiste seo, tá siad tar éis a bheith an-ghníomhach ag cothú caidrimh, ag leibhéal na cosmhuintire, le pobail ón dá thraidisiún i dTuaisceart Éireann. Mar gheall ar an mheon sin, thug mé cuireadh do Phobal agus d’aon eagraíocht ionadaíoch eile teagmháil a dhéanamh go foirmiúil lenár gCoiste i dtaobh a gcuid oibre chun aidhmeanna agus spriocanna daonlathacha na Gaeilge a comhaontaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach.”  

Lean an Coiste seo ar Facebook.

Chun a thuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Paul Hand,

Tithe an Oireachtais,

An tAonad Cumarsáide,

Teach Laighean,

Baile Átha Cliath 2

Fón: +3531 618 4484

Fón póca: +353 87 694 9926

Top
Share