Skip to main content
Normal View

Na cóimheasa idir daltaí agus múinteoirí i scoileanna Gaeltachta le plé ag an gCoiste Oideachais

28 May 2013, 16:27

Beidh cruinniú amárach ag an gComhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta chun na cóimheasa idir daltaí agus múinteoirí i scoileanna beaga Gaeltachta a chíoradh.

28 Bealtaine 2013

Bunaíodh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, sa bhliain 2006 chun cabhair, treoir agus tacaíocht a thabhairt do bhunscoileanna agus meánscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre.

Deir Cathaoirleach an Choiste, Joanna Tuffy TD: “Aithnítear go forleathan a luachmhar is atá scoileanna beaga do phobail na tuaithe. Dar leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Ó Cuinn, áfach, nach féidir leis na scoileanna sin a bheith slán ó na coigeartuithe fioscacha in aimsir seo na géarchéime geilleagair. Meastar nach bhfuil ach 4 múinteoirí, nó líon is lú ná sin, ag tuairim is 80 faoin gcéad de bhunscoileanna Gaeltachta, agus táthar imníoch sna pobail sin go bhfuil na scoileanna seo i mbaol go mór ó thaobh ciorruithe de. Tugann an Coiste aitheantas  don ról fíorthábhachtach a bhíonn ag na scoileanna Gaeltachta i ndáil leis an nGaeilge a chothabháil agus tá siad ag tnúth go mór leis na cúrsaí seo a phlé leis an scáthghrúpa do scoileanna Gaeltachta, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.”

Beidh an cruinniú ann amárach, an 29 Bealtaine, ar 1pm i Seomra Coiste 4. Is féidir imeachtaí an Choiste a fháil beo ag: http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/

Chun a thuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Fón: +3531 618 4484
Fón póca: +353 87 694 9926

Top
Share