Skip to main content
Normal View

Ní mór éagsúlacht a bheith ann ionas go mbeidh pobail ar an gcósta inmharthana: An Fochoiste um Iascach

13 Jan 2014, 17:03

D’iarr Fochoiste Oireachtais tráthnóna go ndíreodh beartas rialtais ar theacht slán pobal tuaithe ar an gcósta agus ar na hoileáin trí raon éagsúil gníomhaíochtaí a chur chun cinn. Tá an Fochoiste um Iascach tar éis léargas a thabhairt ar an gcaoi go bhféadfaidh an dobharshaothrú, an iascaireacht chladaigh, an tslatiascaireacht farraige, an turasóireacht mhara agus gníomhaíochtaí feamainne cur le ceantair fhuinniúla ar an gcósta agus ar na hoileáin.

14 Eanáir 2014

Trí chur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir leis an gceist, tá an Fochoiste tar éis léargas a thabhairt ar an gcaoi go bhféadfaidh tacaíocht réamhghníomhach rialtais, i dteannta rialuithe maorlathacha atá comhréireach agus stuama, a chinntiú go mbíonn gníomhaíochtaí den chineál sin le fáil ar scáth a chéile sna pobail sin. Iarrann sé go mbunóidh an Rialtas, mar ábhar práinne, struchtúr bainistíochta atá fréamhaithe i sonraí iontaofa maidir le hiascach chladaigh agus lena ndéanfaí scrúdú, mar shampla, ar an gcaoi go bhféadfaí ‘ceadúnais oidhreachta’ a eisiúint chuig pobail tuaithe ar an gcósta agus ar na hoileáin chun nósanna traidisiúnta iascaireachta a éascú.
 
Tá na moltaí le fáil i dtuarascáil a seoladh ar Inis Oírr inniu, ina dtugtar léargas ar an tábhacht a bhaineann le leas an phobail a chur chun cinn in aon mhórthionscadal nua maidir leis an dobharshaothrú agus le fuinneamh mara.

Sa Tuarascáil maidir le Pobail Tuaithe Inmharthana ar an gCósta agus ar na hOileáin, iarrtar freisin go ndéanfar tionscadail dobharshaothraithe d’iasc eite a cheadúnú ar bhonn a bheidh ag cloí leis na caighdeáin chomhshaoil is airde ar domhan agus go gcuirfear struchtúir ar bun ionas go mbeidh an oiread úinéireachta áitiúla is féidir ann i ngach forbairt den chineál sin. Thug an Fochoiste rabhadh nár chóir go leagfadh an Rialtas agus an tionscal béim mhíchuí ar speiceas amháin nó ar dhá cheann agus mhol sé go mbeadh éagsúlacht ann chun na priacail a bhaineann le tionscadail dobharshaothraithe den chineál sin a mhaolú.

I measc na moltaí eile tá na nithe seo a leanas:

  • Go ndéanfaí rialachas ilroinnte reatha na hearnála mara a chuíchóiriú, mar a rinneadh i gcás Marine Scotland in Albain;
  • Go mbunóidh Bord Iascaigh Mhara, i gcomhar leis an ngníomhaireacht oiliúna nua SOLAS, cúrsaí deimhnithe, praiticiúla do phobail iascaigh;
  • Go n-oibreodh Iascach Intíre Éireann ar bhonn níos dlúithe le gníomhaireachtaí turasóireachta chun a chinntiú go mbeidh slatiascaireacht farraige mar chuid den turasóireacht láneagraithe agus d’fheachtais mhargaíochta;
  • Go ndéanfaidh an Roinn Iompair breithniú ar bháid iascaireachta dé-úsáide a cheadúnú don iascaireacht tráchtála agus don tslataiscaireacht turasóireachta araon agus go dtabharfaí deontais chun iad a chomhshó, agus  
  • Go réiteoidh na Ranna Mara agus Comhshaoil na saincheisteanna a bhaineann le ceadúnú a rialáil, rudaí a chuireann bac ar fhorbairt thionscail na feamainne.

Deir Cathaoirleach an Fhochoiste Aindrias Ó Dubhaill TD: “Tá sé riachtanach go ndéanfar ceantair thuaithe na hÉireann ar an gcósta agus ar na hoileáin a fhorbairt ar mhodh inmharthana amach anseo. Mar aon leis an tionchar saibhir atá acu ar an gcultúr agus ar an teanga náisiúnta, tá sé de chumas ag na pobail cur go mór leis an ngeilleagar trí chéile i réimsí amhail bia, turasóireacht agus fuinneamh mara. Déantar roinnt moltaí tábhachtacha sa tuarascáil seo ón bhFochoiste chun a chinntiú go ndéanfar cóstaí agus farraigí na hÉireann a bhainistiú go héifeachtach ar mhaithe leis na pobail is mó a bhíonn ag brath orthu.”

“Féachtar sa tuarascáil le rianú a dhéanamh ar an mbealach is fearr is féidir chun ár n-acmhainní mara a fhorbairt ar bhealach inmharthana, rud a chinnteoidh gur féidir leas a bhaint as acmhainn eacnamaíoch agus fostaíochta fhadtéarmach thionscal an dobharshaothraithe tráchtála, fad a chosnófar dea-cháil na hÉireann maidir le bia mara a tháirgeadh. Tá forbairt an dobharshaothraithe ag brath ar chóras rialála fónta a chur i ngníomh, córas a mbeidh muinín ag an bpobal trí chéile agus ag an gCoimisiún Eorpach freisin as.”

“Leagtar béim sa Tuarascáil ar roinnt ábhar imní a bhaineann le bainistíocht na n-iascach intíre, i ndáil leis na báid atá níos giorra ná 10 méadar arb iad mórchuid an chabhlaigh iad. Is maith is eol don Fhochoiste go bhfuil pobail ar an gcósta agus ar na hoileáin ag brath ar an gcineál seo iascaireachta ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus déimeagrafacha de agus fiú ó thaobh cultúir de agus cuireann sé imní orthu go bhfuil easpa sonraí iontaofa mar bhonn ag beartas reatha sa réimse seo. Sa chomhthéacs seo, iarrann an Fochoiste ar an rialtas pleanáil níos éifeachtaí a dhéanamh do thodhchaí an tionscail iascaireachta mionscála trína chinntiú go gcuirfear deireadh leis na heasnaimh atá sna sonraí faoi láthair.”

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:
Paul Hand,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Fón: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926

An Comhfhochoiste um Iascach - Comhaltas
An Cathaoirleach: Aindrias Ó Dubhaill TD

An Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir
Aindrias Ó Dubhaill TD, Fine Gael
Máirtín Ó Fearghusa TD, Sinn Féin
Micheál Mac Conmara TD, Páirtí an Lucht Oibre
Thomas Pringle TD, Neamhspleách
An Seanadóir Brian Ó Domhnaill, Fianna Fáil

An Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid
Nollaig Ó hÚrdail TD, Fine Gael
Seán Ó Cionnaith TD, Páirtí an Lucht Oibre

An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht
An Seanadóir Eamonn Ó Suilleabháin, Fianna Fáil
An Seanadóir Donacha Ó Leandaí, Páirtí an Lucht Oibre

Top
Share