Skip to main content
Normal View

Tuarascáil maidir le pobail ar an gcósta agus ar na hoileáin a chothú le seoladh ag an bhFochoiste um Iascach

13 Jan 2014, 13:22

Seolfaidh an Comhfhochoiste Oireachtais um Iascach tuarascáil amárach maidir leis an gcaoi ar féidir pobail ar an gcósta agus ar na hoileáin a chothú agus a fhorbairt amach anseo.

13 Eanáir 2014

Déanfar an Tuarascáil maidir le Pobail Tuaithe Inmharthana ar an gCósta agus ar na hOileáin a sheoladh go foirmiúil ar Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann, Dé Máirt an 14 Eanáir ar 11:45 am agus beidh sí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais go gairid ina dhiaidh sin.

Thionóil an Fochoiste, ar a bhfuil comhaltaí de na Coistí um Muir, um Acmhainní Nádúrtha agus um an nGaeltacht, 17 gcruinniú fhoirmiúla agus thug siad cuairt ar Albain chun measúnú a dhéanamh ar chur chuige beartais maidir le pobail dá samhail ansin i rith 2013.

Deir Cathaoirleach an Fhochoiste Aindrias Ó Dubhaill TD: “Mar chuid de shraith cruinnithe faoin gcaoi ar chóir pobail ar an gcósta agus ar na hoileáin a chothú, reáchtáil an Comhfhochoiste pléití mionsonraithe le hoifigigh ó raon ranna rialtais, atá ag gabháil don iascaireacht, don fheirmeoireacht agus atá ag plé le comhlachais oileáin agus d’éist siad le tuairimí daoine mór le rá den lucht léinn a bhfuil taighde luachmhar déanta acu sna réigiúin sin.”

“Beidh toscaireacht ón bhFochoiste ag taisteal chuig Inis Oírr, Dé Máirt, chun an tuarascáil a sheoladh ós comhair ceannairí pobail as Inis Oírr agus as pobail dá samhail ar an gcósta agus ar na hoileáin. Tá an Fochoiste, agus 29 moladh shubstainteacha déanta, tar éis an cás socheacnamaíoch reatha maidir le pobail ar an gcósta agus ar na hoileáin a shainaithint, agus tar éis scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir beartas rialtais a fheabhsú chun tionscail agus seirbhísí éagsúla a chur chun cinn sna pobail sin.”

Beidh an tuarascáil 270 leathanach ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais www.oireachtas.ie ó 12 meán lae Dé Máirt.

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:

Paul Hand,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Fón: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926

An Comhfhochoiste um Iascach - Comhaltas

An Cathaoirleach: Aindrias Ó Dubhaill TD
An Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir
Aindrias Ó Dubhaill TD, Fine Gael
Máirtín Ó Fearghusa TD, Sinn Féin
Micheál Mac Conmara TD, Páirtí an Lucht Oibre
Thomas Pringle TD, Neamhspleách
An Seanadóir Brian Ó Domhnaill, Fianna Fáil

An Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid
Nollaig Ó hÚrdail TD, Fine Gael
Seán Ó Cionnaith TD, Páirtí an Lucht Oibre

An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht
An Seanadóir Eamonn Ó Suilleabháin, Fianna Fáil
An Seanadóir Donacha Ó Leandaí, Páirtí an Lucht Oibre

Top
Share