22 Jan 2014, 14:33
Beidh cruinniú ag an bhFochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Nithe Gaolmhara leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Curreáin, chun go bpléifear a chinneadh éirí as an bpost i gceann tamaill.
Arsa Cathaoirleach an Choiste, Micheál Mac Cárthaigh TD: “D’fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Curreáin, i mí na Nollag go raibh sé chun éirí as a phost, agus luaigh sé faillí leanúnach ag an Stát i gcomhlíonadh na reachtaíochta maidir le húsáid na Gaeilge. Ós rud é gur faoin bhFochoiste atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo le cur i ngníomh na Straitéise 20 Bliain, is tráthúil agus is caoithiúil go mbeadh cruinniú againn le Seán Ó Curreáin chun plé mionsonraithe a dhéanamh ar a chinneadh éirí as a phost le héifeacht ón 23 Feabhra.”
Cuirfear tús leis an gcruinniú i Seomra Coiste 4, Teach Laighean ar 2pm, Déardaoin, an 23 Eanáir 2014.
Is féidir imeachtaí an Choiste a leanúint beo ag an nasc:
http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/
Fiosrúcháin ó na meáin chuig:
Ciarán Ó Braonáin,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +3531 618 3903
Guthán póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Comhaltaí an Choiste
An Teachta Micheál Mac Cárthaigh,
An Teachta Caoimhín Mac Unfraidh,
An Teachta Peadar Tóibín,
An Seanadóir Fiach Mac Conghaíl,
An Seanadóir Labhrás Ó Murchú,
An Seanadóir Cáit Uí Chatháin.