Skip to main content
Normal View

Meabhrúchán: Tá an Coiste Airgeadais ag lorg aighneachtaí maidir le Buiséad 2015

10 Jun 2014, 16:04

Iarrann an Coiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú aighneachtaí i scríbhinn maidir le Buiséad 2015 ó ghrúpaí leasmhara agus ó dhaoine aonair.

Arsa Cathaoirleach an Choiste, Ciarán Ó Loinsigh: “Cuireann an Coiste fáilte roimh aighneachtaí maidir leis an gcéad Bhuiséad eile chun cabhrú leis a bhreithniú a dhéanamh ar shaincheisteanna níos leithne a bhaineann, ó thaobh an mhacrabhuiséid de, le straitéis, cothromas agus tionchar.
Tá an Coiste ag súil go gcuirfidh aighneachtaí atá dírithe ar earnálacha sóisialta agus eacnamaíocha ar leith leis an iarracht breithniú a dhéanamh ar an gcomhthéacs níos leithne sin.
Mar shampla, má mholtar méadú ar chaiteachas nó laghdú ar chánachas, ba chabhair é dá bhféadfadh an lucht aighneachta bealaí a mholadh chun an costas a bhaineann lena gcuid tograí a íoc, fiú i dtéarmaí an phrionsabail ghinearálta. Breithneofar aon aighneachtaí i scríbhinn a fhaigheann muid agus d’fhéadfaimis a iarraidh ar chuid den lucht aighneachta freastal ar éisteachtaí poiblí.”
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh chuig Cléireach an Chomhchoiste, chun go bhfaighfear iad tráth nach déanaí ná 6 pm Dé Luain, 16 Meitheamh, 2014. Féadfar aighneachtaí a chur isteach le rphost chuig fincom@oireachtas.ie nó leis an bpost chuig:

An Cléireach,
An Comhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú,
Rúnaireacht na gCoistí,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.

Tá a thuilleadh sonraí le fáil anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:
Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.

Guthán: +3531 618 3903
Soghluaiste: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551


Comhaltas an Choiste

Na Teachtaí Dála

Risteard Buíd Bairéid, People Before Profit
Micheál Ó Críod, Fine Gael
Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin
Regina Doherty, Fine Gael
Stephen Donnelly, Neamhspleách
Tadhg Ó Dubhlaoigh, Fianna Fáil
Ailín Ó Fearghail, Fine Gael
Seán Ó Pléamonn, Fianna Fáil
Síomón Ó hEarchaí, Fine Gael
Seosamh Ó hUiginn, An Páirtí Sóisialach
Heather Mac Unfraidh, Fine Gael
Caoimhín Mac Unfraidh, Páirtí an Lucht Oibre
Mary Lou McDonald, Sinn Féin
Ciarán Ó Loinsigh, Páirtí an Lucht Oibre
Mícheál Mac Craith, Fianna Fáil
Dara Ó Murchú, Fine Gael
Ciarán Ó Domhnaill, Fine Gael
Aodhán Ó Ríordáin, Páirtí an Lucht Oibre
Art Mac an Earraigh, Páirtí an Lucht Oibre
Brian Stanley, Sinn Féin
Liam Ó Tuama, Fine Gael


Na Seanadóirí

Sean D Barrett
Tomás Ó Broin
Pól Ó Cochláin
Mícheál Ó Dorchaí
Aideen Hayden
Tomás Ó Síocháin

Top
Share