Skip to main content
Normal View

Athchromfaidh an Coiste Comhshaoil ar éisteachtaí maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an éileamh reatha ar thithíocht

16 Jun 2014, 12:25

Leanfaidh an Coiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht lena chuid éisteachtaí maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an éileamh reatha ar thithíocht amárach, Dé Máirt, an 17 Meitheamh 2014, nuair a thiocfaidh sé le chéile le hionadaithe ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, Micheál Mac Cárthaigh, TD: “Amárach leanfaimid lenár gcuid éisteachtaí ar shaincheisteanna i dtaca leis an éileamh reatha ar thithíocht. Is mór an plé a bhí ann le déanaí maidir le héileamh ar thithíocht agus soláthar tithíochta in Éirinn agus tá rabhadh á thabhairt ag roinnt daoine go mbeidh ganntanas tithíochta ann, go mór mór i limistéir uirbeacha mhóra, mar gheall ar an ráta íseal tógála tithe ó tharla an turnamh maoine agus tógála. Mar shampla, dar le tuarascáil a chuir an Ghníomhaireacht Tithíochta amach le gairid, ní mór beagnach 80,000 aonad tithíochta a thógáil i rith na chéad chúig bliana eile chun fónamh don éileamh mar gheall ar an bhfás sa daonra. Tá go leor teaghlach fós ar an liosta feithimh le haghaidh tithíocht shóisialta, agus tá an cíos ag dul in airde i mórlimistéir uirbeacha.

Thángamar le chéile cheana féin le roinnt eagraíochtaí túslíne a bhfuil baint acu le tithíocht agus cóiríocht a chur ar fáil timpeall na tíre. Ag an gcruinniú amárach, cloisfimid ó ionadaithe ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Is deis í seo chun tuairimí a fháil ón dá Roinn Rialtais sin ar shaincheisteanna a bhaineann leis an éileamh reatha ar thithíocht. I measc na nithe atá beartaithe againn a phlé amárach, tá an méid seo a leanas: beartas tithíochta i gcoitinne, chomh maith le tithíocht agus seirbhísí tithíochta a sheachadadh, dea-chleachtas maidir le bainistiú tithíochta a chur chun cinn, agus tacú le seachadadh tithíochta ardchaighdeáin dea-thógtha i gceantair dhea-dheartha atá gar d’áiseanna. Chomh maith leis sin, pléifimid an forlíonadh cíosa a íoctar le daoine a chónaíonn i gcóiríocht phríobháideach ar cíos agus nach bhfuil d’acmhainn acu íoc as costas a gcóiríochta iad féin.”

Tosóidh an cruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 2.15 pm amárach, Dé Máirt, an 17 Meitheamh 2014.

Is féidir breathnú ar imeachtaí beo an choiste ar an nasc seo a leanas:
http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir na himeachtaí a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Ceisteanna ó na meáin chumarsáide chuig:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie


Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Na Teachtaí: Séamus Ó Banáin, TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh, TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre), an Cathaoirleach; Sandra Nic Giollafhaoileáin, TD (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn, TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin, TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú, TD (Neamhspleách); Gearailt de Nais, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl, TD (Fianna Fáil); Brian Stanley, TD (Sinn Féin).

Na Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Catherine Ní Nuain (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Top
Share