Skip to main content
Normal View

Iarrann an Coiste Comhshaoil beartas cuimsitheach maidir le hobair dheonach

26 Jun 2014, 18:02

D’iarr Comhchoiste an Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, sa chruinniú a bhí aige an 24 Meitheamh 2014, ar Philib Ó hÓgáin, TD, an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, beartas cuimsitheach a fhorbairt agus a fhoilsiú, i gcomhar le hAirí eile de réir mar is cuí, maidir le hobair dheonach a chur chun cinn in Éirinn.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, Micheál Mac Cárthaigh, TD: “Táim féin agus na comhaltaí ag iarraidh ar an Aire Ó hÓgáin beartas cuimsitheach a fhorbairt agus a fhoilsiú maidir le hobair dheonach a chur chun cinn in Éirinn.  Creidimid gur cheart go n-aithneofaí agus go léireofaí leis an mbeartas sin na buntáistí agus na tairbhí a bhaineann le cultúr oibre deonaí agus go léireofaí leis freisin an tslí a bheartaíonn an Rialtas an méid sin a spreagadh agus a thacú.  Bhí cruinniú an-suimiúil againn Dé Máirt le toscaireacht ó Obair Dheonach Éireann, faoi cheannas an Phríomhfheidhmeannaigh, Yvonne Mc Kenna, a bhí ina ábhar machnaimh dúinn. Rinne Obair Dheonach Éireann, arb í an ghníomhaireacht náisiúnta í chun obair dheonach a fhorbairt a thacaíonn leis na hIonaid agus na Seirbhísí Faisnéise áitiúla go léir d’Oibrithe Deonacha ar fud na tíre, cur síos ar an obair a dhéanann siad agus phléigh siad conas is féidir le hobair dheonach an tsochaí a fheabhsú agus cabhrú le forbairt pobail. Aontaímse, agus aontaíonn comhaltaí an Choiste, go hiomlán leis na tuairimí sin agus creidimid go mbeidh tionchar mór ag beartas soiléir maidir le hobair dheonach a chur chun cinn ó thaobh cultúr oibre deonaí a thacú agus a chothú, rud a rachaidh chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine.”

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Fón: +3531 618 3903
Fón Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Na Teachtaí: Séamus Ó Banáin, TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh, TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin, TD (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger, TD (an Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain, TD (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre), an Cathaoirleach; Sandra Nic Giollafhaoileáin, TD (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn, TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin, TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú, TD (Neamhspleách); Gearailt de Nais, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl, TD (Fianna Fáil); Brian Stanley, TD (Sinn Féin).

Na Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Catherine Ní Nuain (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Top
Share