1 Jul 2014, 17:51
D’fhoilsigh Coimisiún Thithe an Oireachtais an Tuarascáil Bhliantúil, 2013, inniu, an 1 Iúil 2014. Chomh maith le mionsonraí a thabhairt faoi ghníomhaíocht na parlaiminte i rith 2013, tugtar cuntas ann freisin ar an airgead poiblí a caitheadh anuraidh ar riaradh Thithe an Oireachtais.
Le béim á cur i gcónaí ar sheirbhísí a sholáthar ar shlí níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí agus ar luach ar airgead cáiníocóirí a chinntiú, bhí costas riartha na dTithe in 2013 €4.6 mhilliún níos ísle ná mar a bhí in 2012.
Bhain costas €101 mhilliún le riaradh na dTithe in 2013. Ba chostas 10% faoi bhun an bhuiséid é, le coigilteas suntasach bainte amach de réir aidhm an Choimisiúin chun “níos mó a bhaint as níos lú”.
Tháinig laghdú ar líon na státseirbhíseach atá ar fostú mar fhoireann ag an tSeirbhís. 379 an líon foirne, arb ionann sin agus 59 (11%) is ísle ná an líon a cheadaigh an Coimisiún in 2008. Bhí coigilteas párolla ann i gcomhréir leis an laghdú ar an líon foirne.
Anuraidh, bhí borradh le haithint ar na leibhéil ghníomhaíochta ar fud sheirbhísí agus oibriú na dTithe. Lean an claonadh chun fáis i roinnt mhaith réimsí gnó, lena n-áirítear suíonna na dtithe, cruinnithe coistí, tíolacadh billí agus achainíocha arna bhfáil ón bpobal.
I measc na tacaíochta a tugadh do shuíonna na dTithe agus a gCoistí le linn 2012, bhí:
• 123 shuí Dála (1,023 huaire suí)
• 111 shuí Seanaid (722 uair suí)
• 580 cruinniú Coiste (1,130 uair suí)
• 20 Tuarascáil Coiste foilsithe
• 140 Bille foilsithe mar a tionscnaíodh
• 52 Acht rite ag na Tithe
• 4,988 leasú curtha síos i dtaca le Billí
• 129 mBille athchlóite de bharr leasú ag an dá Theach
• 50,926 Cheist Pharlaiminte próiseáilte
Buaicphointe ar leith in 2013 ná gné pharlaiminteach Uachtaránacht AE a óstáil sa chéad leath den bhliain. In imeacht dhá ráithe na hUachtaránachta, stiúir ár gcoistí sraith chomhdhálacha agus chruinnithe AE idir-pharlaiminteacha agus cuireadh fáilte roimh bhreis agus 1500 parlaiminteoir ó pharlaimintí AE eile agus ó Pharlaimint na hEorpa.
Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.
Ceisteanna ó na Meáin chuig:
Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551