Skip to main content
Normal View

Beidh Teach Laighean ar oscailt don phobal ar Oíche Chultúir 2014

14 Aug 2014, 12:46

Osclófar geataí Theach Laighean agus cuirfear fáilte roimh 1,650 duine den phobal chun oíche chultúir agus shiamsaíochta a chaitheamh i dtimpeallacht stairiúil Pharlaimint na hÉireann, Dé hAoine an 19 Meán Fómhair 2014 ó 5.00pm go 11.00pm. Is ócáid ar leith í seo atá mar chuid d’Fhéile Oíche Chultúir a bheidh ar siúl ar fud na tíre.

14 Lúnasa 2014

Tabharfar turais threoraithe thart ar Theach Laighean do chuairteoirí na hoíche sin ina mbeidh deis acu dul isteach i seomraí díospóireachta Dháil Éireann agus Sheanad Éireann, siúl trí phasáistí stairiúla Thithe an Oireachtais agus láthair chóras Choistí an Oireachtais i dTeach Laighean 2000 a fheiceáil. Beidh siamsaíocht cheoil á cur ar fáil i rith na hoíche ag baill de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.  

Is cuid d’fhéile Oíche Chultúir na bliana seo an ócáid seo. Buaicphointe ar an bhféilire cultúrtha é Oíche Chultúir, a eagraíonn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Iontaobhas Cultúrtha Bharra an Teampaill.Is ócáid í a thugann deis do dhaoine teacht saor in aisce ar ionaid chultúir iontacha na tíre agus taitneamh a bhaint astu san oíche.  

Is í seo an seachtú bliain ina mbeidh baint ag Tithe an Oireachtais le hOíche Chultúir. Ó thosaigh an tOireachtas ag glacadh páirte sé bliana ó shin, tá beagnach 10,000 duine tar éis cuairt a thabhairt ar Theach Laighean.  

Ionad é Teach Laighean i measc go leor eile i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil líon os cionn 150 ionad cultúrtha deimhnithe d’Oíche Chultúir.   

Cé go dtabharfar na turais saor in aisce, tabhair faoi deara go dteastaíonn ticéad don ócáid. Mar gheall ar mhóréileamh, tá teorainn sé thicéad an duine curtha le líon na dticéad. Más mian leat ticéid a chur in áirithe, cuir glaoch ar an uimhir Íosghlao, 1890 252 808 nó téigh chuig www.oireachtasevents.ie.  

Ina chúig sheisiún a reachtálfar an imeacht seo Dé hAoine an 19 Meán Fómhair:  

Seisiún 1: 5.00 pm go 6.00 pm
Seisiún 2: 6.00 pm go 7.00 pm
Seisiún 3: 7.00 pm go 8.00 pm
Seisiún 4: 8.00 pm go 9.00 pm
Seisiún 5: 9.00 pm go 11.00 pm

Is í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Iontaobhas Cultúrtha Bharra an Teampaill a d'eagraigh Oíche Chultúir duit.
 
Culture Night is brought to you by the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht in partnership with Dublin City Council and Temple Bar Cultural Trust.

Tabhair faoi deara go gcuirfear tús leis an turas deiridh ar 10.15pm.  

Ceisteanna ó na meáin chumarsáide chuig:

Paul Hand,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Fón: +3531 618 4484
Fón póca: +353 87 694 9926

Top
Share