Skip to main content
Normal View

Díreoidh an Coiste Comhshaoil ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Fhorais Chultúir Náisiúnta (An Ceoláras Náisiúnta)

29 Sep 2014, 12:30

Beidh Scéim Ghinearálta an Bhille um Fhorais Chultúir Náisiúnta (An Ceoláras Náisiúnta) ar chlár oibre an Choiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht amárach, Dé Máirt an 30 Meán Fómhair.

Dúirt Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, Nollaig Ó Cuanáin, TD: “Is é cuspóir an bhille seo stádas reachtúil a thabhairt don Cheoláras Náisiúnta, i gcomhréir leis an gcóras rialachais agus cuntasachta atá i bhfeidhm i ndáil le forais chultúir náisiúnta eile. Tabharfaimid faoi iniúchadh réamhreachtach amárach ar Scéim Ghinearálta an Bhille nuair a dhéanfaimid breithniú mionsonraithe ar Cheannteidil an Bhille in éindigh le hionadaithe ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le Cathaoirleach an Cheolárais Náisiúnta, Gerry Kearney agus le Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Cheolárais Náisiúnta, Simon Taylor.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 2.15pm Dé Máirt an 30 Meán Fómhair 2014 i Seomra Coiste 4.

Is féidir breathnú ar imeachtaí beo an choiste ar an nasc seo a leanas:
http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir na himeachtaí a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal freisin, trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá le fáil ar ghairis Apple agus Android.


Ceisteanna ó na meáin chumarsáide chuig:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.

Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Na Teachtaí: Séamus Ó Banáin, TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger (An Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain (Fianna Fáil); Roibeard Ó Dubhda (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre) Cathaoirleach; Peadar Tóibín (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn, TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin, TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú, TD (Neamhspleách); Éamonn Ó Maolomhnaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl, TD (Fianna Fáil); Brian Stanley, TD (Sinn Féin).

Na Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Hildegarde Naughton (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil); An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Top
Share