Skip to main content
Normal View

Ról agus cúram an Choimisinéara Teanga á mbreithniú ag an gCoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí

13 Jan 2015, 12:21

Déanfaidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, an Comhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha a aitheasc tráthnóna amárach maidir lena chuid oibre i dtaca le cearta cainteoirí Gaeilge a chosaint le linn dóibh teacht ar sheirbhísí poiblí.

13 Eanáir 2015

Tá an cruinniú seo mar chuid de shraith cruinnithe atá an Coiste a thionól le hOifigí na nOmbudsman éagsúla atá freagrach as gnéithe éagsúla d’fhormhaoirsiú poiblí.

Comhlíonann an Coimisinéir Teanga a phríomhfheidhmeanna reachtúla trí fheidhmiú mar oifig ombudsman neamhspleách, mar ghníomhaireacht comhlíonta agus mar chomhlacht comhairleach maidir le cearta agus dualgais reachtúla teanga.  Is bealach oifigiúil é chun déileáil le gearáin ó dhaoine a mbíonn deacrachtaí acu teacht ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Dar le Cathaoirleach an Choiste, Pádraig Mac Lochlainn, TD: “Is deis thráthúil í seo dár gCoiste chun tuiscint a fháil ar obair oifig an Uas. Uí Dhomhnaill.  Tá suim léirithe le fada an lá ag an Choiste in obair an Choimisinéara Teanga i dtaca le cearta cainteoirí Gaeilge a chosaint.  Tá an Coiste eolach ar imscrúduithe an Choimisinéara ar neamhchomhlíonadh Ionstraim Reachtúil 394 de 2008 ag gníomhaireachtaí Stáit amhail an tArd Mhúsaem, FSS agus Iarnród Éireann.  Is mian leis an Choiste scrúdú a dhéanamh ar a mhéid atá comhlachtaí Stáit ag úsáid sriantachtaí maoinithe mar leithscéal ar neamhchomhlíonadh a n oibleagáidí reachtúla.

“Beidh deis againn amárach ag an chruinniú breithniú a dhéanamh ar ról agus cúram a Oifige, agus ar threochtaí áirithe sa líon cásanna atá ann.  Le linn dó a Thuarascáil Bhliantúil a thíolacadh don Choiste i mí na Nollag, 2013, d’fhógair réamhtheachtaí an Uas. Uí Dhomhnaill go raibh sé ag tairiscint éirí as oifig.  Tá sé i gceist ag an Choiste plé a dhéanamh leis an Uas. Ó Domhnaill i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil feabhas tagtha in 2014 ar na himthosca a thug ar Sheán Ó Cuirreáin éirí as.”

Tosóidh an cruinniú i Seomra Coiste 4, TL 2000 ar 4 p.m. amárach, Dé Céadaoin, an 14 Eanáir.  Is féidir féachaint ar na himeachtaí poiblí ar líne ag an nasc seo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal chomh maith le Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Bí páirteach agus faigh rochtain ar shuíomh gréasáin na n achainíocha.

Ceisteanna ó na meáin chuig:
Paul Hand,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Fón: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926

Top
Share