Skip to main content
Normal View

Éire Ildánach, an beartas náisiúnta cultúir, le plé ag an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht

6 Sep 2016, 18:03

Beidh an Creat-Bheartas Náisiúnta Cultúir nua atá beartaithe, Éire Ildánach/Cultúr 2025, ar chlár oibre an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht ag an gcruinniú den Choiste a bheidh ann amárach, Dé Céadaoin, an 7 Meán Fómhair 2016.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “I mí Iúil, d’fhoilsigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh, TD, dréacht den Chreat-Bheartas don chéad bheartas náisiúnta cultúir a bhí ag an Stát riamh, is é sin, Éire Ildánach/Cultúr 2025.

“Cuid suntais í stair chultúrtha na hÉireann agus bíonn beocht faoi leith sa saol cultúrtha anseo, ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Más ealaín, ceol, damhsa, drámaíocht, scannánaíocht, litríocht, filíocht, stair nó ailtireacht atá idir lámha, is dual dúinn saibhreas agus fiúntas an chultúir agus na n-ealaíon i sochaí na tíre a aithint agus a chinntiú go gcuirfear ár gcultúr chun cinn agus go mbeidh fáil air ag cách.

“Leagtar amach sa dréacht-bheartas sraith beart a bheidh le cur i ngníomh ar fud comhlachtaí Rialtais agus poiblí chun cultúr agus rannpháirtíocht sna healaíona a chur chun cinn. Cuireadh faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht é chun go ndéanfaimis é a phlé agus a bhreithniú.

“Amárach, cromfaimid ar an dréacht den chreat-bheartas a bhreithniú agus beidh deis ag na comhaltaí ag an gcruinniú sin an beartas a chíoradh, fiúntas a chur leis ar chaoi chuiditheach agus lón a gcuid smaointe agus tuairimí a thairiscint don phróiseas.”

Beidh ionadaithe ón gComhlachas Eagraíochtaí Ionadaíochta Ealaíontóirí, ón bhFeachtas Náisiúnta ar son na nEalaíon agus ó Léiritheoirí Scáileán Éireann i láthair ag an gcruinniú.

Déanfaidh an Coiste grinnscrúdú freisin ar thograí reachtacha AE:


Sceideal A: COM (2016)400 – Togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh 445/2014/AE lena mbunaítear beart Aontais i dtaca le Príomhchathracha Cultúir na hEorpa do na blianta 2020 go 2033; agus


Sceideal B: COM (2016) 437 - Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh a bheidh le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le tograí áirithe a cuireadh faoi bhráid an 17ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe (CoP 17) sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), in Johannesburg, an Afraic Theas, 24 Meán Fómhair – 5 Deireadh Fómhair 2016.

Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 2.15 pm, amárach, Dé Céadaoin i Seomra Coiste 1, Teach Laighean.

Is féidir breathnú beo ar imeachtaí an Choiste anseo.

Is féidir breathnú fánach a dhéanamh freisin ar imeachtaí an Choiste, trí Aip Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

ENDS/

Media enquiries

Ciaran Brennan,
Houses of the Oireachtas,
Communications Unit,
Leinster House,
Dublin 2
+353 1 618 3903
+353 86 0496518
ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share