Skip to main content
Normal View

Tá an Roghchoiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht chun an soláthar bonneagair a phlé

19 Sep 2016, 17:57

Tá an Roghchoiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht chun cruinniú le hionadaithe ó dhúichí bardasacha Bhéal Tairbirt, Chonamara agus Cheanannais Dé Máirt, an 20 Meán Fómhair 2016, chun forbairt na tuaithe agus an soláthar bonneagair i gceantair thuaithe a phlé.

Dúirt Peadar Tóibín TD, Cathaoirleach an Choiste: “Tá an soláthar bonneagair –  bóithre, leathanbhanda, iompar agus seirbhísí – bunriachtanach chun pobail thuaithe a chothú agus a chur ag fás. Beidh an tsaincheist maidir le forbairt na tuaithe agus soláthar an bhonneagair riachtanaigh i limistéir thuaithe ar chlár gnó an Choiste amárach, tráth a bhuailfimid le hionadaithe ó thrí cinn de dhúichí bardasacha – Béal Tairbirt, Conamara agus Ceanannas. Is deis é seo cloisteáil go díreach ó dhúichí tuaithe éagsúla faoi fhorbairt agus cur i bhfeidhm an bhonneagair ina limistéir. Is deis é freisin don Choiste plé a dhéanamh ar ábhair bhuartha na ndaoine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath i ndáil le tacaíocht don fhorbairt cheart inchothaithe faoin tuath in Éirinn.”

Tosóidh an cruinniú seo ar 2.15pm amárach, Dé Máirt, an 20 Meán Fómhair 2016, i Seomra Coiste 1, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste (beo) anseo .

Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste agus tú ag gluaiseacht, trí Aip Thithe an Oireachtais atá ar fáil le haghaidh feistí Apple agus Android.



A CHRÍOCH SEO/

Media enquiries

Ciaran Brennan,
Houses of the Oireachtas,
Communications Unit,
Leinster House,
Dublin 2
+353 1 618 3903
+353 86 0496518
ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share