Skip to main content
Normal View

Straitéis um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann á seoladh ag Tithe an Oireachtais

12 Feb 2019, 14:22

Straitéis um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann á seoladh ag Tithe an Oireachtais.

Síníodh an tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (Uimh. 40 de 2017) ina dhlí an 24 Nollaig 2017. Déantar socrú leis an Acht maidir le haitheantas a thabhairt do Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, maidir lena húsáid in imeachtaí dlí, maidir le hateangaireacht go Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a sholáthar ag comhlachtaí poiblí agus i dtaobh nithe gaolmhara; De réir an dea-chleachtais tá rogha déanta ag Seirbhís Thithe an Oireachtais (“an tSeirbhís”) a bheith ina luath-ghlacadóir agus ina ceannaire i ndáil leis an reachtaíocht seo agus tuarascáil a thabhairt maidir le Straitéis um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann don tSeirbhís.

I mí Aibreáin 2018 cheadaigh an Buanchoiste Gnó Gasra Oibre ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a bhunú agus tháinig an Gasra Oibre le chéile den chéad uair i mí an Mheithimh 2018: Rinne an Gasra Oibre idirghabháil leis na leas-sealbhóirí uathu seo a leanas:

  • Comhairle Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann;
  • Cumann Bodhar na hÉireann;
  • An tIonad um an Léann Bodhar;
  • Chime (“DeafHear” roimhe seo).

Bhí cruinnithe ag an nGasra Oibre le comhalta bodhar d’fhoireann an Oireachtais agus bhí ionchur ó iar-ateangaire i bParlaimint na hEorpa. Iarradh eolas freisin ó Pharlaimint na hAlban, agus ó Ranna agus Oifigí Rialtais eile chomh maith.

Is iad na tascanna a cuireadh roimh an nGasra Oibre scrúdú a dhéanamh ar bhearta a bheadh le déanamh chun tacaíochtaí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a bhaint amach lena n-aghaidh seo a leanas:

  • Finnéithe agus cuairteoirí a bhíonn i láthair sna Tithe agus sna Coistí le haghaidh díospóireachtaí sonracha;
  • Daoine a bhíonn ag breathnú ar Oireachtas TV trí chomhlíonadh leantach Rialacha Rochtana Údarás Craolacháin na hÉireann;
  • Cuairteoirí ar ár suíomh gréasáin agus ár suíomhanna meán sóisialta;
  • Cuairteoirí ar thurais; agus
  • Comhaltaí agus an fhoireann.

“Ní foláir don Pharlaimint a bheith ionadaíoch don tsochaí uile,” arsa an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD inniu.

“Dhá cheann de dhearbhphrionsabail spriocanna straitéiseacha foriomlána Sheirbhís Thithe an Oireachtais is ea iad an inrochtanacht agus Parlaimint oscailte agus, mar sin, is mór agam Straitéis TCÉ nua don tSeirbhís a sheoladh. Éascófar le feidhmiú na Straitéise seo breis comhionannais trína chinntiú go mbeidh obair na Parlaiminte á cur in iúl do dhaoine bodhra agus dóibh siúd atá faoi mhíchumas éisteachta. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh daoine den phobal bodhar in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí Stáit ina dteanga féin. Tá sé d’aidhm ag Tithe an Oireachtais a bheith mar cheannaire ó thaobh soláthar seirbhísí TCÉ d’fhonn cearta agus teidlíochtaí saoránach atá bodhar a neartú.”

“Leagtar béim sa tuarascáil a thug an Gasra Oibre ar ocht moladh a chreidimid a bheith réasúnach, inbhainte amach agus ar féidir tógáil orthu sna blianta atá amach romhainn. Tá cuid den obair orthu seo tosaithe cheana féin, mar shampla, sa chraoladh a dhéanaimid ar obair an dá Theach, agus táimid tiomanta mar eagraíocht d’ár ngealltanais TCÉ a urramú.”

Ar na moltaí atá sa tuarascáil tá na moltaí seo a leanas:

  • Ba chóir do Sheirbhís Thithe an Oireachtais beirt ateangairí TCÉ a fhostú chun ateangaireacht laistigh de na Tithe a sholáthar a fhreastalóidh do riachtanais na dTithe, na gCoistí, an Aonaid Craolacháin agus ócáidí eile laistigh de na Tithe;
  • Cuirfidh Tithe an Oireachtais turais rialta TCÉ ar fáil i dteanga chomharthaíochta do chuairteoirí;
  • Tacaíochtaí oiliúna don fhoireann agus do chomhaltaí;
  • Tacaíocht do dheiseanna ionadúcháin do dhaoine den Phobal Bodhar, agus do mhic léinn fochéime ateangaireachta;
  • Leanúint de spriocanna rialacha rochtana craolacháin a chomhlíonadh, saoráidí le haghaidh craolacháin a fhorbairt agus rochtain TCÉ ar ábhar cartlainne a sholáthar.

Is féidir an tuarascáil a léamh anseo: https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/corporate/strategy/2019/2019-02-12_irish-sign-language-isl-strategy-2019-2021_en.pdf

Media enquiries

Nuala Walsh,
Houses of the Oireachtas,
Communications Unit,
Leinster House,
Dublin 2
+353 1 618 3437
+353 86 4100 898
nuala.walsh@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share