Skip to main content
Normal View

Comhlachas na gComharchumann agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta amárach

1 Dec 2020, 15:18

Amárach, tiocfaidh ionadaithe ó Chomhlachas na gComharchumann agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun an dá ábhar seo a leanas a phlé leis: Cúrsaí  eacnamaíochta, teanga, cultúir, oideachais, forbartha pobail, agus fóillíochta sa Ghaeltacht, Seirbhísí dhátheangacha éifeachtacha á soláthar ag Ranna Stáit agus Comhlachtaí Poiblí agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019.

Reáchtálfar an cruinniú ar 2.00 iarnóin i Seomra Coiste 2, Teach Laighean. Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Má tá an Rialtas i ndairíre maidir le todhchaí na Gaeltachta, is gá cur chuige iomlánach a chur i bhfeidhm. Is gá na seirbhísí iomlána atá ar fáil sa Ghaeltacht a fhorbairt, a neartú agus a cheangal le chéile. Is pobal ar leith é pobal na Gaeltachta agus tá dualgas orainn, mar reachtóírí, a dheimhniú go gcuirfear na seirbhísí uile ar fáil dó; na seirbhísí riachtanacha a bhaineann le hinmharthanacht aon phobail ar bith, is cuma cé acu sa Ghaeltacht nó san iarghaeltacht atá an pobal sin lonnaithe. 

Ach sa Ghaeltacht, is ábhar gearáin é, ní amháin nach bhfuil na seirbhísí céanna ar fáil atá ar fáil in áiteanna eile sa tír, ach chomh maith leis sin, nach soláthraítear na seirbhísí atá ar fáil inti ach trí Bhéarla amháin den chuid is mó. Ní sholáthraítear na seirbhisí i dteanga an phobail, an Ghaeilge, agus níl an dara rogha acu ach glacadh le seirbhísí trí mheán an Bhéarla, rud a sháraíonn a gcuid cearta daonna.

Is gá deireadh a chur leis an míchothromas seo chomh luath agus is féidir agus beidh deis ag comhaltaí an Chomhchoiste na hábhair seo a phlé le hionadaithe an Chomhlachais ag an gcruinniú amárach”.

Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste, anseo

Top
Share