Skip to main content
Normal View

Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 le leanúint ar aghaidh amárach

22 Mar 2021, 12:52

Leanfaidh Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh lena bhreithniú ar Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 amárach ar 3.30 iarnóin i Seomra na Dála. Beidh an Roghchoiste ag suí go dtí 5.30 pm.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: "Ag an gcruinniú deireanach a bhí againn an 9 Márta 2021, d’iarr mé ar an Aire tairiscint maidir le treoir a chur síos chun scóip Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 a dhéanamh níos leithne ná an scóip chúng atá ag an mBille faoi láthair. Ar an ábhar sin, tá súil agam go mbeidh an tAire in ann, tar éis a mhachnamh a dhéanamh ar an iarraidh sin, a chinneadh maidir leis sin a phlé leis an Roghchoiste amárach.

Tá gá práinneach le scóip lag an Bhille seo a leathnú agus tá súil agam, tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh air, go mbeidh an tAire toilteanach é sin a dhéanamh. Ceapaim féin, mar Chathaoirleach den Choiste a bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 á bhreithniú aige, gur cóir agus gur gá an Bille a leathnú mar seo a leanas:

“Acht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngach earnáil, comhlacht, eagraíocht agus eintiteas eile a bhfuil ina muirear nó ina mhuirear ar ioncam an Stáit, go hiomlán nó go pointe áirithe; agus i ngach earnáil, comhlacht, eagraíocht agus eintiteas eile a thagann faoi choimirce nó faoi stiúir an Stáit, an Rialtais, aon Aire den Rialtas nó aon Roinne Stáit; eagraíochtaí ealaíne, gnó, oideachais, pleanála, rialtais áitiúil, spóirt agus tithíochta, san áireamh.”

Is féidir leis an Aire é sin a dhéanamh faoi Bhuan-Ordú 187(2) de Dháil Éireann. Is féidir leis tairiscint chun leathnú a dhéanamh ar scóip an Bhille a leagan faoi bhráid na Dála.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Top
Share