Skip to main content
Normal View

Tábhacht ar leith leis an gCuraclam nua do Ghaeilge na hArdteistiméireachta a bheith oiriúnach do chur chun cinn na Gaeilge agus d’úsáid na Gaeilge mar theanga labhartha ag an gcéad ghlúin eile in Éirinn

3 Nov 2021, 11:26

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin, an 3 Samhain 2021, le hionadaithe ó Lárionad na Gaeilge – Ollscoil Mhá Nuad agus le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge. Ag an gcruinniú seo, pléifear na hábhair ‘Na Sraithe Sinsearaí T1 agus T2’ agus ‘TEG: Cúrsaí Earcaíochta agus cur chun cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí' le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus le hionadaithe ó Lárionad na Gaeilge – Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tionólfar an cruinniú ar 1.30 iarnóin i Seomra Coiste 4. 

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal: Is cruinniú an-tráthúil é cruinniú an Chomhchoiste amárach, agus  muid ag druidim leis an spriocdháta don chomhairliúchán poiblí ag deireadh na míosa seo ar churaclam nua do Ghaeilge na hArdteistiméireachta. Tá amhras agus imní ar a lán daoine, agus ar roinnt Comhaltaí an Chomhchoiste féin, maidir leis na dréachtsonraíochtaí atá foilsithe i gcomhair mhúineadh na Gaeilge sna meán scoileanna. Ní foláir dúinn an cheist a chur maidir le cé chomh hoiriúnach atá na dréachtsonraíochtaí don fheidhm atá leo? Agus is mian linn an cheist seo a phlé leis na finnéithe a bheidh os ár gcomhair amárach. 

Chomh maith leis sin, agus an dá ábhar nasctha lena chéile, beidh muid ag féachaint ar chúrsaí earcaíochta agus ar chur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí; ar thiomantas an Rialtais agus an Stáit maidir le seirbhísí dátheangacha a bheith ar fáil fud fad na hearnála poiblí chomh luath agus is féidir.

Aithníonn an Comhchoiste nach féidir na seirbhísí dátheangacha sin a chur ar fáil gan seirbhísigh dhátheangacha a bheith earcaithe agus ag feidhmiú i ngach roinn, rannóg agus oifig phoiblí, agus nach dtarlóidh sin mura féidir lenár gcóras oideachais iad a chur ar fáil, agus daoine óga a mhealladh i dtreo líofacht sa Ghaeilge, agus i dtreo postanna dátheangacha san earnáil phoiblí.

 

Ar an ábhar sin, aithníonn an Comhchoiste an tábhacht ar leith a bhaineann leis an gcuraclam nua don Ghaeilge, maidir le cur chun cinn na Gaeilge, maidir le cur chun cinn an dátheangachais sa Stát, agus maidir le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha ag an gcead ghlúin eile in Éirinn. 

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo. 

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android. 

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

Media enquiries

Verona Ní Bhroinn
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 1 618 3881
+353 87 262 4132

verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share