Skip to main content
Normal View

Níl teiripe urlabhra nó sainteiripí tábhachta eile ar fáil do leanaí na Gaeltachta ina dteanga dúchais féin

9 Nov 2021, 14:53

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin, an 10 Samhain 2021, le hionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus le hionadaithe ón Roinn Sláinte. Ag an gcruinniú seo, pléifear an t-ábhar ‘Seirbhísí Sláinte trí mheán na Gaeilge i gcomhair Phobal na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le linn phaindéim an Choróinvíris agus ina diaidh, Teiripe Urlabhra agus Sainteiripí eile san áireamh’. Tionólfar an cruinniú ar 1.30 iarnóin i Seomra Coiste 4.

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal: -

Ó dtús phaindéime an Choróinvíris, bhí agus tá sé fós soiléir nach féidir le Pobal na Gaeltachta, taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht, seirbhísí leighis ná faisnéis maidir le seirbhísí leighis, a fháil ina dteanga féin. Tá an chuma ar an scéal go gceaptar go forleathan i roinnt Ranna Stáit agus i roinnt Comhlachtaí Poiblí go bhfuil cead acu fáil réidh leis a ndualgais i leith Phobal na Gaeilge, nuair atá siad faoi bhrú. Tá an chuma ar an scéal nach féidir le Pobal na Gaeilge a bheith ag tnúth le cothrom na Féinne agus seirbhísí sláinte a bheith á iarraidh acu. Cé gur léiríodh an meon diúltach seo níos oscailte ná riamh le linn phaindéim an Choróinvíris, is fadhb fhadtéarmach leanúnach í. Agus is fadhb a bhfuil droch-chúinsí tromchúiseacha ag baint léi.

Ceann de na heaspaí is mó a éiríonn as an meon diúltach seo ná na deacrachtaí atá ag leanaí, arb í an Ghaeilge a gcéad theanga í, rochtain a fháil ar sheirbhísí leighis; seirbhísí urlabhra mar shampla. Níl na seirbhísí seo ar fáil dóibh ach i mBéarla den chuid is mó, agus má tá seirbhís i nGaeilge á theastáil uathu, beidh siad ag fanacht go dtí lá an Luain. Conas is féidir seirbhís urlabhra éifeachtúil a chur ar fáil i mBéarla do leanbh a labhraíonn Gaeilge? Ní féidir. Sin an cheist, agus ceisteanna eile cosúil léi, a bheidh á bplé ag an gComhchoiste ag a gcruinniú amárach.

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

 

Media enquiries

Verona Ní Bhroinn
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 1 618 3881
+353 87 262 4132

verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share