Skip to main content
Normal View

Preasráiteas: Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht

7 Dec 2021, 14:23

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin, an 8 Nollaig 2021, le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ó Chomharchumann Ráth Chairn. Ag an gcruinniú seo, pléifear an t-ábhar ‘Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht’. Tionólfar an cruinniú ar 13.30  i Seomra Coiste 4. 

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal: - "Tá mó Chomhchoiste tar éis labhairt le hionadaithe ó gach Comhairle áitiúil, ina bhfuil ceantair Ghaeltachta lonnaithe, ar an ábhar tábhachtach seo sa choicís seo caite. Anois, táimid chun labhairt le hionadaithe ó phobal na Gaeilge agus le hionadaithe ó phobal na Gaeltachta féin. Is mian linn a dtuairimí agus a dtaithí a chloisteáil agus a chur san áireamh agus ‘Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht’ á phlé aige." 

"Má tá muid chun tabhairt faoin léigear atá ar phobal na Gaeltachta, tá orainn éisteacht leis an bpobal sin. Tá orainn na coinníollacha agus na tacaíochtaí atá de dhíth a chur ar fáil dó. Tá orainn a chinntiú go gcuirfear córas tithíochta agus pleanála i bhfeidhm ata oiriúnach do thosca na Gaeltachta reatha, ionas nach bhfuil sé beagnach indéanta do dhaoine óga fanacht nó filleadh ar an nGaeltacht agus a gclann a thógáil inti." 

"Tá an ceart ag gach uile phobal in Éirinn, idir phobail uirbeach agus phobail tuaithe, seirbhísí áitiúla iomlána a fháil, idir seirbhísí tithíochta, uisce, séarachais, agus araile. Ach níl caighdeán na seirbhísí sin atá ar fáil i gceantair Ghaeltachta ar chomhchéim ná chomh chuimsitheach is atá na seirbhísí atá ar fáil in áiteanna eile sa tír." 

"Tuigeann an Comhchoiste go bhfuil daonra níos lú ná an meán sna ceantair Ghaeltachta, agus go bhfuil fadhbanna ar leith ag éirí as an tosca sin. Ach ní ghlacaimid mar leithscéal é go dtugann sé seo cead don Stát nó don rialtas áitiúil gan na seirbhísí cuí atá de dhíth a chur ar fáil sna ceantair ina bhfuil siad de dhíth." 

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android. 

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo. 

Media enquiries

Verona Ní Bhroinn
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 1 618 3881
+353 87 262 4132

verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share