Skip to main content
Normal View

An Riachtanas reachtúil ar Chomhlachtaí Poiblí logainmneacha Gaeilge amháin a úsáid sa Ghaeltacht

1 Mar 2022, 16:30

Amárach, Dé Céadaoin, 2 Márta, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-ábhar ‘An Fhoráil Dhlíthiúil: Go n-úsáidtear Logainmneacha Gaeilge amháin ar Logainmneacha na Gaeltachta’.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean, agus cloisfidh an Comhchoiste fianaise ar an ábhar seo ón Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith maidir le Beartas Poist agus maidir le hÉirchóid an Teachta Dála Hildegarde Ní Neachtáin TD.

Thug an Comhchoiste cuireadh d’Eircode agus do Geodirectory chuig an gcruinniú seo freisin, agus tá an-díomá ar an gComhchoiste go bhfuil an dá chomhlacht phoiblí sin araon tar éis cinneadh a dhéanamh gan glacadh leis an gcuireadh sin, den dara uair in achar beag. Níor ghlac siad le cuireadh dóibh chuig cruinniú ar an 16 Feabhra 2022 ach an oiread, agus bhí ar an gComhchoiste an cruinniú sin a chur ar ceal.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Sa reachtaíocht ábhartha, leagtar amach go sainiúil nach bhfuil stádas dlí ach ag logainmneacha Gaeilge amháin sa Ghaeltacht. Níl stádas dlí ar bith ag leaganacha Béarla de na logainmneacha sin, agus mar sin, tá an dlí á shárú ag aon chomhlacht poiblí, na Ranna Stáit, Eircode agus Geodirectory san áireamh, nuair a bhaineann siad úsáid as an leagan Béarla, nó nuair a chuireann siad san áireamh é, i ndoiciméid oifigiúla, ar líne nó i gcruachóipeanna, ceachtar acu.

Tá an Coimisinéir Teanga tar éis aird a tharraingt ar an riachtanas dlíthiúil seo ina thuarascáil ‘Fionnachtain an Choimisinéara Teanga gur sháraigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, (an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, mar a bhí), a dualgas reachtúil teanga maidir le Logainmneacha Gaeltachta i gcás an chórais Eircode’.

“Ag an gcruinniú amárach, is mian liom tiomantas a iarraidh ón Aire agus bhíos ag súil leis an tiomantas sin a iarraidh ó Eircode chomh maith, go gcuirfí deireadh leis an gcleachtadh seo láithreach, agus as seo amach, go gcloífí an Roinn agus Eircode go docht lena ndualgais dlíthiúil faoin reachtaíocht, atá reachtaithe ag Tithe an Oireachtais.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Oireachtas TV.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share