Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge chun bualadh le Pobail Ghaeilge a bhfuil an Beart déanta acu

22 Mar 2022, 15:45

Amárach, Dé Céadaoin, 23 Márta, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-ábhar ‘Conas Pobal Gaeltachta a chruthú – Tithíocht, Seirbhísí, srl’.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean, agus éistfidh an Comhchoiste le fianaise ó Phobal Sleacht Néill agus ó Choiste Forbartha Charn Tóchair as Contae Doire, agus ó Phobal Bhóthar Seoighe agus ó Ghlór na Móna as Béal Feirste.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Seo iad ceithre eagraíocht atá tar éis a ndícheall a dhéanamh, agus ar éirigh leo, ainneoin na n-ainneoin, pobail Ghaeilge a athchruthú san iar-Ghaeltacht. Tá sin déanta acu i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon, agus ba chóir dúinn, mar Éireannaigh agus mar Ghaeil, a bheith an-bhródúil as an ngaisce atá curtha i gcrích acu.

“Is cúis bhróid iad na pobail seo don tír go léir agus is eiseamláir iad ó thaobh an chur chuige is gá chun a chinntiú go mbeidh todhchaí ag an Ghaeilge mar theanga phobail agus mar theanga nua-aoiseach de chuid na Eorpa, ní hamháin laistigh, ach lasmuigh den Ghaeltacht aitheanta, chomh maith.

“Táimse agus mo Chomhchoiste ag tnúth go mór lena dtaithí a chloisteáil i gcomhthéacs na hoibre atá ar siúl againn faoi láthair tuarascáil a chur le chéile ar na fadhbanna atá le sárú maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Sa tuarascáil sin, déanfar moltaí ar réiteacht na bhfadhbanna sin chun  leasa phobal na Gaeltachta, agus chun taoide an Ghalldaithe a chasadh, agus chun an Ghaeilge a neartú as seo amach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtas.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share