1 Jun 2022, 10:19
Leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh inniu lena bhreithniú ar Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge agus ar conas is féidir iad a spreagadh.
Ar an ócáid seo beidh ionadaithe ó earnáil na foilsitheoireachta agus earnáil na hiriseoireachta ag labhairt leis an gComhchoiste.
Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean, agus pléifidh an Comhchoiste an t-ábhar seo le hionadaithe ó Chló Iar-Chonnacht, onadaithe ó Leabhar Breac, agus Robert McMillen, Iriseoir leis an nuachtán 'The Irish News'.
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews