Skip to main content
Normal View

Comhoibriú Fiúntach Dátheangach idir Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, agus Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte

16 Jun 2022, 15:45

Tá Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis a bhuíochas a ghabháil le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, thar a cheann féin agus thar ceann Chomhaltaí an Chomhchoiste, as físeán a bhaineann le mná torracha agus leis an gCoróinvíreas a chur ar fáil don phobal as Gaeilge, tar éis don Chomhchoiste a iarraidh ar an bhFeidhmeannacht sin a dhéanamh.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Cuireann an Comhchoiste fáilte roimh an bhfíseán seo mar áis agus mar chúnamh do mhná torracha, agus cuireann sé fáilte roimh an leagan Gaeilge den fhíseán atá ar fáil anois do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta.

Tá an Comhchoiste an-bhuíoch den Fheidhmeannacht gur éist sí leis an gComhchoiste ag na cruinnithe a bhí acu lena chéile, agus go ndearna an Fheidhmeannacht beart de réir a briathair. Is léargas é sin ar cé chomh héasca is atá sé seirbhísí poiblí atá go hiomlán dátheangach a chur ar fáil don phobal, agus molaim an Fheidhmeannacht agus a Príomhfheidhmeannach, Paul Reid, Uasal, as a gcomhoibriú leis an gComhchoiste.

Tá súil ag an gComhchoiste go dtabharfaidh na Comhlachtaí Poiblí eile agus na Ranna Stáit éagsúla an comhoibriú seo faoi deara agus go ndéanfaidh siad amhlaidh, agus seirbhísí poiblí á gcur ar fáil acu do phobal na tíre.”

Is féidir le mná toracha agus leis an bpobal i gcoitinne teacht ar an bhfíseán seo anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share