Skip to main content
Normal View

Toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chuig Carn Tóchar, Co Dhoire

19 Jun 2022, 12:00

Amárach, Dé Luain 20 Meitheamh, rachaidh toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun bualadh leis an bpobal áitiúil i gCarn Tóchair, Co. Dhoire.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an-suim againn san obair fhiúntach atá á déanamh ag muintir Charn Tóchair le blianta beaga anuas agus an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an bpobal Gaelach seo.

“Beidh mé féin, an Teachta Dála Caitríona Ní Chonghaile (Leas-Cheann Comhairle Dháil Éireann) agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ag iarraidh foghlaim ó thaithí mhuintir Charn Tóchair agus ó thuras an phobail seo thar na blianta. Tá suim againn na dúshláin a sháraigh an pobal seo agus na féidearthachtaí atá ann fós dó a chloisteáil.

“Beidh muid ag bualadh le hionadaithe ón bpobal, Cathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael Sleacht Néill, Seán Mac Uigín Uasal, ina measc, agus tabharfaimid cuairt ar Thearmann  Dúlra Droim nDamh – tearmann atá faoi úinéireacht an chomhphobail ina bhfuil bithéagsúlacht den chéad scoth idir sean-choill arsa, bogach, innilt arsa, abhainn bhradáin – atá in úsáid fá choinne cuid mhór imeachtaí pobal i rith na bliana. Beidh muid ag bualadh le hoifigigh an Chairn chomh maith, agus ag plé na hábhair ábhartha leo.

“Beidh lá an-shuimiúil againn, agus tá súil againn gur féidir linn foghlaim ó thaithí an phobail iontach seo, agus a scéal a thabhairt ar ais linn go dtí an Chomhchoiste agus Tithe an Oireachtais.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share