Skip to main content
Normal View

Léirithe Spéise á lorg ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i gcomhair Ainmniúcháin mar Chomhaltaí de Bhord TG4

7 Jul 2022, 11:30

Ag a chruinniú ar an 29 Meitheamh 2022, chomhaontaigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an fógra thíos a eisiúint.

Iarratais á lorg ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i gcomhair dhá Ainmniúchán  a dhéanfaidh sé i gcomhair Ceapachán mar Chomhaltaí de Bhord TG4

Tá léirithe spéise á lorg ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de Thithe an Oireachtais ó dhaoine ar mhian leo go gcuirfear in áirithe iad agus an Comhchoiste ag roghnú beirt chun bheith ina gcomhaltaí de Bhord TG4.

Faoi Alt 81(1))(b) den Acht Craolacháin 2009, tá dhá fholúntas ar Bhord TG4 le líonadh faoi láthair, agus is faoin gComhchoiste atá sé beirt iarrthóirí oiriúnacha a mholadh don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag gach aon iarrthóir, agus de réir Alt 82(1) den Acht Craolacháin 2009, caithfidh taithí nó inniúlacht a bheith ag aon iarrthóir ar cheann amháin ar a laghad de na réimsí seo a leanas: -

  1. Gnóthaí na Meán;
  2. Craolachán Seirbhíse Poiblí;
  3. Léiriú ábhair Chraolta;
  4. Teicneolaíocht Meán Digiteach;
  5. Gnóthaí Ceardchumainn;
  6. Gnóthaí Gnó nó Tráchtála;
  7. Nithe a bhaineann le forbairt na Gaeilge;
  8. Nithe a bhaineann le Míchumas;
  9. Na hEalaíona, Ceol, Spórt nó Cultúr;
  10. Cúrsaí Eolaíochta, Teicneolaíochta nó Comhshaoil;
  11. Gnóthaí Dlíthiúla nó Rialála; agus
  12. Gníomhaíochtaí Sóisialta, Oideachais, nó Pobail nó Gnóthaí Gaeltachta.

Chomh maith leis sin, cé nach bhfuil sé riachtanach, beidh sé ina bhuntáiste ag iarrthóirí más féidir leo aon táithí atá acu sna réimsí seo a leanas a léiriú: an teicneolaíocht, an nuálaíocht, an eagarthóireacht; nó aon saineolas atá acu ar  ábhair iomchuí ar leith – cúrsaí óige, spóirt, cultúir, ceol, oideachais, srl.

Chun d’iarratas a bheith i do chomhalta de Bhord TG4 a bheith san áireamh, is gá d’iarratas i litir nó í ríomhphoist, atá sínithe agus dátaithe, agus Curriculum Vitae iniata leis, a sheoladh chuig: Eoghan Ó Cruadhlaoich, Cléireach do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de Thithe an Oireachtais, Teach Chill Dara,  Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2. eoghan.ocruadhlaoich@oireachtas.ie, roimh 6i.n., ar an Luan, 15 Lúnasa 2022. Ní ghlacfar le haon iarratas a gheofar i ndiaidh an dáta agus an ama sin.

Ba chomhair go mbeifeá ar fáil  chun agallaimh ar líne le Comhaltaí an Chomhchoiste a dhéanamh, má chinntear air sin. Tá sé ar intinn ag an gComhchoiste an bheirt a roghnóidh sé a ainmniú ag cruinniú poiblí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge ar an gCéadaoin, 14 Meán Fómhair 2022.

Má tá breis faisnéis uait, is féidir leat dul i dteagmháil leis an gCléireach tríd an ríomhphost thuas.

Tá an fógra ar fáil ar shuíomh idirlín a Chomhchoiste féin anseo, agus ar an suíomh idirlín ‘StateBoards.ie’.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share