Skip to main content
Normal View

Tuairimí na saineolaithe agus na bpáirtithe leasmhara ar an gCóras Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht á lorg ag Comhchoiste na Gaeilge

11 Oct 2022, 16:45

Beidh cruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 12 Deireadh Fómhair, ina bpléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge na deacrachtaí a bhaineann leis an gCóras Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht mar atá sé a fheidhmiú faoi láthair.

Ag an gcruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 1.30pm, beidh ionadaithe thar ceann Chumann Disléicse na hÉireann, agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, an Stiúrthóir ar Aonad SEALBHÚ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ag roinnt a gcuid tuairimí ar an ábhar seo le Comhaltaí an Chomhchoiste.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is é seo ár dtríú cruinniú ar an ábhar seo, ina bhfuilimid ag iarraidh tuairimí na saineolaithe éagsúla agus na bpáirtithe leasmhara ar leith, iad siúd a bhfuil cúrsaí leanaí mar chuid dá gcúram, a chloisteáil.

“Chomh maith le Cumann Disléicse na hÉireann agus SEALBHÚ, thug mé cuireadh d’ionadaithe ó Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, don eagraíocht AsIam, agus do Chomhairle Inimirceach na hÉireann freastal ar an gcruinniú seo agus páirt a ghlacadh ann. Is ábhar díomá dom agus do Chomhaltaí eile an Chomhchoiste nach raibh siad ar fáil dúinn ar an lá, ach más maith leo, nó le haon eagraíocht eile a dtuairimí a leagan os ár gcomhair, i scríbhinn, beidh fáilte agus fiche rompu.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share