Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge ag iarraidh aird an phobail a dhíriú ar an taisce luachmhar de leabhair Ghaeilge atá ann i Trádstoras na Áisíneachta Dáileacháin Leabhar (Foras na Gaeilge)

21 Oct 2022, 14:30

Inné, Déardaoin, 20 Deireadh Fómhair, chuaigh toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chuig Trádstóras na Áisíneachta Dáileacháin Leabhar (Foras na Gaeilge) i nDún Seachlainn, i gContae na Mí.

Bhuail Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, Leas-Chathaoirligh an Chomhchoiste, an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, le Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, le Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn Uasal, agus le Bainisteoir na Áisíneachta Dáileacháin Leabhar, Anna Lee Uasal.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “D’eagraíomar an toscaireacht seo mar chuid den bhreithniú reatha atá idir lámha ag an gComhchoiste le cúpla mí anuas ar an ábhar ‘Ag Spreagadh Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge’.

“Chonaic an Comhchoiste na mílte leabhar atá ann sa trádstóras, agus bhí plé fiúntach againn le hoifigigh Fhoras na Gaeilge agus na hÁisíneachta ar an tslí is fearr chun tacú le fás agus forbairt an trádstórais.

“Mar chuid den togra iomlán atá ar siúl ag an gComhchoiste faoi léitheoireacht agus fhoilsitheoireacht na Gaeilge, bhíomar ag iarraidh aird an phobail a dhíriú ar an taisce luachmhar seo agus suim an phobail a mhúscailt inti.

“Chomh maith leis sin, tá an Comhchoiste ag iarraidh ar phobal na Gaeilge agus ar phobal na Gaeltachta níos mó úsáide a bhaint as an trádstóras iontach seo, agus as na leabhair iontacha atá ar fáil ann. Tá an Comhchoiste ag iarraidh ar phobal na Gaeilge agus ar phobal na Gaeltachta tacaíocht a thabhairt d’earnáil na foilsitheoireachta agus na léitheoireachta Gaeilge. Beatha teanga í a labhairt, buanú teanga í a scríobh agus í a léamh.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share