Skip to main content
Normal View

Seasann Comhchoiste na Gaeilge leis an gceart atá ag gach uile dhalta a dteanga dúchais a fhoghlaim chomh fada agus is féidir leo

25 Oct 2022, 15:15

Amárach, Dé Céadaoin, an 26 Deireadh Fómhair 2022, leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge lena bhreithniú ar an gCóras Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht.

Beidh straitéis agus beartais an Rialtais i leith an ábhair thábhachtaigh seo á bplé ag an gComhchoiste leis an Aire Oideachais.

Chomh maith leis sin beidh ionadaithe ón gComhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta, ón gComhairle Náisiúnta Speisialta agus ón tSeirbhís Síceolaíochta Oideachais sa Roinn Oideachais, ag déanamh  idirghabhála leis an gComhchoiste mar chúnamh dó, agus é ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le riarachán agus cur i bhfeidhm córais díolúintí i leith staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht mar atá sé ag feidhmiú faoi láthair.

Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Ag an gcruinniú seo beidh an Comhchoiste ag díriú isteach ar chás na ndaltaí a bhfuil riachtanais ar leith acu. Tá a lán cainte agus a lán mífhaisnéise  agus míthuiscintí ann faoi na daltaí sin agus na riachtanais sin. Bíonn deacrachtaí éagsúla ag gach dalta maidir le hábhair scoile áirithe agus is é an dúshlán don chóras oideachais agus don mhúinteoir oilte dul i ngleic leis na deacrachtaí sin sa tslí is éifeachtaí agus is féidir. Ach seachas sin, feicimid cur chuige seachantach ag fás níos coitianta lá i ndiadh lae: feicimid an rogha á thabhairt do thuistí an tslí is fusa a ghlacadh; díolúine ón nGaeilge a iarraidh ar son a linbh.

“Ní ghlacann an Comhchoiste leis an gcur chuige seo. Seasann an Comhchoiste leis an gceart atá ag gach uile dhalta a dteanga dúchais a fhoghlaim chomh fada agus is féidir leo. Glacann an Comhchoiste leis an bprionsabal gur chóir an deis riachtanach seo a thabhairt do gach uile dhalta, agus nár chóir don chóras oideachais aon dhalta a fhágáil ar an taobh amuigh. Glacann an Comhchoiste nár chóir don chóras oideachas saibhreas a theanga dúchais féin a cheilt ó aon dhalta. Tá gá slí eile a aithint agus a fhorbairt seachas an díolúine, i gcomhair na ndaltaí a bhfuil riachtanais ar leith acu. Tá sé sin tuillte acu agus tá sé sin mar dhualgas orainn mar Stát.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share