Skip to main content
Normal View

Toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge chuig Pobal láidir na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste

18 Nov 2022, 15:00

Beidh toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i mBéal Feirste ar an 21 agus 22 Samhain 2022.

Tá clár iomlán gnóthach eagraithe don toscaireacht agus tá an Comhchoiste an-bhuíoch don phobal agus do na heagraíochtaí Gaeilge éagsúla atá tar éis na cruinnithe éagsúla a eagrú linn.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Níl amhras ar bith ann gurbh é pobal Gaeilge Bhéal Feirste ceann de na pobail Ghaeilge is mó, is láidre agus is gníomhaí ar oileán na hÉireann. Le caoga bliain  anuas ó chéad-bunaíodh Gaeltacht Bhéal Feirste, tá pobal na Gaeilge sa chathair seo ag dul ó neart go neart.

Dá mbeadh a leithéid ann i gcathracha eile ar fud an oileáin, i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach, nó i bPort Láirge, mar shampla, bheadh staid agus stádas níos láidre ag an nGaeilge i meon na tíre. Is ar an gcúis sin atá ár gComhchoiste ag dul go mBéal Feirste.

“Is mian linn bualadh leis na heagraíochtaí éagsúla, éisteacht leo agus foghlaim uathu. Is mian linn a aimsiú conas go díreach ar éirigh leo an t-éacht iontach seo a bhaint amach. Is mian linn a dteachtaireacht dhearfach a thabhairt ar ais linn agus í a chur ar an taifead mar threoir do chathracha agus bailte móra eile ar fud an oileáin.”

Beidh an toscaireacht ón gComhchoiste ag bualadh leis na heagraíochtaí seo a leanas: An Droichead; Turas; Coláiste Feirste; Ionad na Fuinseoige; Raidió Fáilte; Cumann Chluain Árd; Pobalscoil Feirste; Foras na Gaeilge; An Dreag Dearg; Forbairt Feirste; Glór na Móna; Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain; An Cumann Gaelach, Ollscoil na Banríona.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share